Taisteal agus cothabháil

Rátaí státseirbhíse

Rátaí taistil mhótair agus rothaíochta na státseirbhíse

Carranna (ráta in aghaidh an chillméadair)

 Rátaí mótarthaistil (ón 1 Meán Fómhair 2022)
Banda faid taistilMéid innill suas le 1200ccMéid innill 1201cc–1500ccMéid innill 1501cc nó níos mó

Suas le 1,500 km

(Banda 1)

41.80 cent

43.40 cent

51.82 cent

1,501–5,500km

(Banda 2)

72.64 cent

79.18 cent

90.63 cent

5,501–25,000 km

(Banda 3)

31.78 cent

31.79 cent

39.22 cent

25,001km nó níos mó (Banda 4)

20.56 cent

23.85 cent

25.87 cent

Ní athrófar an líon ciliméadar a charn fostaí idir 1 Eanáir 2022 agus 31 Lúnasa 2022 de thoradh ar tabhairt isteach na rátaí nua seo. Áireofar áfach na ciliméadair iarbhír a tiomáineadh go dtí seo mar chuid de líon iomlán na gciliméadar don bhliain.

Sampla

Tá éileamh déanta ag fostaí ar 1,400 km faoin 31 Lúnasa 2022. Bhogfaidís chuig an ráta nua is infheidhme maidir le Banda 1 don 100km atá fágtha sa bhanda sin.

Ba chóir i gcás éilimh mhíleáiste a dhéantar i leith turas a dhéantar i bhfeithiclí lánleictreacha na rátaí is infheidhme maidir le méid innill 1201cc-1500cc a úsáid. Féach an tábla thuas.

Bá chóir éilimh i leith feithiclí hibrideacha a dhéanamh de réir na rátaí atá comhionann le d'inneall dócháin inmheánaigh.

Rátaí laghdaithe taistil mhótair in aghaidh an chiliméadair

Méid innill suas le 1200cc

 Méid innill 1201cc go 1500cc

 Méid innill 1501cc agus os a chionn

 21.23 cent

 23.80 cent

 25.96 cent

Baineann na rátaí laghdaithe míleáiste le turais a bhaineann le post oifigigh, ach ní bhaineann siad le comhlíonadh na ndualgas sin amháin. I measc na samplaí, tá taisteal riachtanach a bhaineann le:

  •  freastal ar chomhórtais ardú céime deimhnithe
  •  freastal ar chúrsaí oideachais nó ar chomhdhálacha ceadaithe.

Gluaisrothair (ráta in aghaidh an chillméadair)

 Rátaí gluaisrothair (ón 5 Márta 2009)

Achar

Méid innill suas le 150cc

Méid innill 151cc - 250 cc

Méid innill 251 cc - 600 cc

Méid innill 601cc and over

Suas le 6,437 km

14.48 cent

20.10 cent

23.72 cent

28.59 cent

6,438 km nó níos mó

9.37 cent

13.31 cent

15.29 cent

17.60 cent

Rothair

 Rátaí rothair (ón 1 Feabhra 2007)

Ráta in aghaidh an km

8 cent

Rátaí cothaithe na státseirbhíse

Rátaí i leith sannacháin laistigh den Stát

Liúntas thar oíche
 Rátaí cothaithe thar oíche intíre (ón 29 Eanáir 2025)
Catagóir rátaíRate

Gnáthráta

€205.53

Ráta laghdaithe

€184.98

Ráta coinneála

€102.76

Clúdaíonn an liúntas thar oíche sannachán thar oíche suas le 24 uair an chloig, móide aon tréimhse suas le cúig huaire an chloig. Ní mór go mbeadh sé seo 100 km ar a laghad ó bhaile an fhostaí agus óna gháthionad oibre.

Braitheann an chatagóir rátaí ar thréimhse an tsannacháin:

  • tá feidhm leis an gnáthráta suas le 14 oíche
  • clúdaíonn an ráta laghdaithe an chéad 14 oíche eile
  • clúdaíonn an ráta coinneála gach ceann de na 28 oíche ina dhiadh sin.

I gcás sannachán a mhaireann níos mó ná 56 oíche, ní mór don fhostóir iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun a dheimhniú go bhfuil an liúntas cothaithe fós ar fáil.

Tá achar an tréimhse chothaithe in aon áit amháin teoronta do shé mhí.

 Lóistín Dearbhaithe (LD) Baile Átha Cliath amháin
 Lóistín Dearbhaithe (LD) Lóistín     Béilí
 Ráta LD Costas dearbhaithe do lóistín suas le €205.53 Móide  €46.17
Liúntais lae
 Rátaí cothaithe in aghaidh an lae intíre (ón 29 Eanáir 2025)
Tréimhse an tsannacháinRate

Deich n-uaire an chloig nó níos mó

€46.17

Idir cúig agus deich n-uaire an chloig

€19.25

Ní mór go mbeadh an sannadh taobh amuigh d'ocht gciliméadar ó bhaile agus ó ghnáthionad oibre an fhostaí.

I gcás neamhláithreacht os cionn 29 uair an chloig, féadfaidh an fostaí liúntas lae agus thar oíche a éileamh. 

Rátaí do shannacháin laistigh den Stát

Sannadh gearrthéarmach

 Rátaí cothaithe le haghaidh sannadh gearrthéarmach (suas le sé mhí)
Tréimhse an tsannta thar lear% den ghnáthráta thar oíche

An chéad mhí

100%

An dara agus an tríú mí

75%

An ceathrú, an cúigiú agus an séú mí

50%

Féadtar na rátaí seo a úsáid le haghaidh sannadh sealadach amháin suas le sé mhí sa chás go bhfuil an fostaí ag obair thar lear.

Sannadh fadtéarmach

Beidh sannadh fadtéarmach níos mó ná sé mhí.

Don chéad mhí den sannadh, féadfaidh an fostóir cothú a cheadú don ráta thar oíche. Tá sé mar seo chun gur féidir le fostaí cóiríocht féinfhreastail a aimsiú.

Maidir leis an gcuid eile den sannadh, féadfaidh an fostóir costais chothaithe a cheadú chun costas cóiríochta réasúnta a chlúdach. Féadfaidh an fostóir 50% den ráta lae (deich n-uaire an chloig) a cheadú don suíomh.

Rátaí Stairiúla na Státseirbhíse

Tá na rátaí stairiúla ar fáil sa Tax and Duty Manual Part 05-01-0.

Ar aghaidh: Taisteal práinneach