Taisteal agus cothabháil
Rátaí aisíocaíochta
Úsáid feithiclí príobháideacha
Is féidir le fostóir fostaithe a aisíoc i leith costais a thabhaítear nuair a úsáideann siad a gcarranna príobháideacha, a ngluaisrothair nó a rothair chun críocha gnó. Is coinníoll é go gcaithfidh an fostaí an costas a thabhú chun a ndualgais oibre a chomhlíonadh. Féadtar an íocaíocht seo a dhéanamh, saor ó cháin, agus bunaítear í ar mhéid na gciliméadar gnó a taistealaíodh. Is féidir leis an bhfostóir:
- an sceideal reatha rátaí Státseirbhíse
- rátaí nach bhfuil níos airde ná rátaí na Státseirbhíse
- costas iarbhír an taistil a aisíoc lena bhfostaí.
Má aisíocann an fostóir na costais taistil iarbhír leis an bhfostaí, ba chóir an aisíocaíocht a bhunú ar admhálacha dearbhaithe.
Féadann d’fhostaí éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith aon chostais taistil nár chlúdaigh an fostóir. Ba chóir dóibh an Fhoirm éilimh i leith costais carranna agus liúntais chaipitiúla a úsáid.
Costais chothaithe
Is féidir leis an fostóir costais a aisíoc le fostaí maidir lena gcostas cothaithe agus iad in áit eile go sealadach seachas a ngnátháit oibre. Is coinníoll é nach mór don chothú a bheith bainteach le taisteal a thabhaítear go riachtanach agus dualgais na fostaíochta á gcomhlíonadh. I gcás asláithreachas laistigh den Stát, féadtar an íocaíocht sin a dhéanamh, saor ó cháin, ar cheann de na bealaí seo a leanas:
- trí úsáid a bhaint as an sceideal reatha rátaí cothaithe de chuid na Státseirbhíse
- trí úsáid a bhaint as rátaí eile nach bhfuil níos airde ná rátaí na Státseirbhíse
- trí chostas iarbhír an taistil a aisíoc le d’fhostaí.
Má aisíocann an fostóir na costais iarbhír chothaithe leis an bhfostaí, ba chóir an aisíocaíocht a bhunú ar admhálacha dearbhaithe.
Má íocann an fostóir costais chothaithe ag ráta atá níos airde ná rátaí na Státseirbhíse, ní mór go mbeadh siad faofa againne roimh ré.
Tabhair do d'aire
Féadfaidh sé go ndéanann d’fhostaí an cinneadh na costais agus liúntais a éileamh go pearsanta ag léiriú na gcostas iarbhír a thabhaigh siad. Sa chás go dtarlaíonn sé seo agus go bhfuil a gcostais aisíoctha ag an bhfostóir, caithfear leis na suimeanna a d'íoc an fostóir mar thuarastal incháinithe.
Ar aghaidh: Rátaí státseirbhíse