Taisteal agus cothabháil

Gnáthionad oibre

Is é an gnáthionad oibre an áit a n-oibríonn fostaí ó lá go lá. D'fhéadfadh sé nach bunáit an fhostóra é i gcónaí. D'fhéadfadh bunáiteanna breise a bheith ag an ngnó in áiteanna eile. Sa chás seo, d'fhéadfadh sé nach an gnáthionad oibre céanna atá ag gach fostaí.

De ghnáth, cuirfidh fostóir na háiseanna ar fáil d'fhostaithe a theastaíonn uathu chun a ndualgais a chomhlíonadh ag an ngnáthionad oibre.

De ghnáth, ní mheastar gurb é baile an fhostaí a ghnáthionad oibre. Eisceacht ina leith seo is ea nuair atá 'riachtanas oibiachtúil' ann go gcaithfear a ndualgais a chomhlíonadh sa bhaile. Ní mór a ndualgais a chomhlíonadh sa bhaile mar nach féidir iad a chomhlíonadh in áit eile. Ní riachtanas oibiachtúil é más rud é:

  • nach ndéanann fostaí ach a ndualgais a chomhlíonadh sa bhaile, nó go roghnaíonn siad iad a chomhlíonadh sa bhaile
  • gur dualgais theagmhasacha (miondualgais nó riaracháin) iad na dualgais a chomlíontar.

Ar aghaidh: Turais ghnó