Taisteal agus cothabháil

Fostaithe láthairbhunaithe

Níl bunáit ag fostaithe láthairbhunaithe agus comhlíonann siad a ndualgais oibre ag láithreáin éagsúla. Is gnách go maireann na dualgais seo ar feadh tréimhse níos faide ná lá amháin.

Is féidir le fostóir costais taistil agus cothaithe saor ó cháin a íoc le fostaí (ar a dtugtar 'airgead tíre' sa tionscal tógála), nach sáraíonn an ráta ceadaithe. Chun cáiliú don aisíocaíocht seo, ní mór don fhostaí a bheith:

  • ag obair ag suíomh atá 32km (20 míle) nó níos mó ó bhunáit an fhostóra
  • ag obair 32km nó níos mó ó Ard-Oifig an Phoist (GPO), má tá an fostaí lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Rátaí ceadaithe airgid tíre:

  • €36.34 in aghaidh an lae ar feadh ceithre lá nó níos lú.
  • €181.68 in aghaidh na seachtaine má tá sé thar cheithre lá.

Eisiaimh

Ní féidir le fostóir costais taistil agus cothaithe saor ó cháin a íoc le fostaí más amhlaidh ceann acu seo a leanas:

  • níl gá don fhostaí íoc chun taisteal go dtí agus ón suíomh (mar shampla, má chuireann an fostóir iompar ar fáil)
  • soláthraíonn an fostóir cothú agus lóistín don fhostaí
  • nó 
  • earcaíodh an fostaí chun oibriú ag láithreán amháin.

Ní mór d'fhostóirí taifid a bhaineann le híocaíocht airgid tíre a choinneáil ar feadh sé bliana.

Ag ithe ar an láthair

Is féidir le fostóir liúntas, saor ó cháin ar a dtugtar 'ithe ar an láthair' a íoc le fostaithe láthairbhunaithe i roinnt earnálacha den gheilleagar más amhlaidh an méid a leanas:

  • ní sholáthraíonn an fostóir áiseanna chun tae, caife, nó sólaistí eile a réiteach
  • ní fhaigheann an fostaí aon fhoirm eile d'íocaíocht eile chothaithe saor ó cháin
  • oibríonn an fostaí ar an láthair ar feadh ar a laghad 1.5 uair a chloig roimh ghnáthbhriseadh lóin agus 1.5 uair a chloig tar éis an sos lóin
  • agus
  • ní íocann an fostóir ach liúntas uasta de €5 in aghaidh an lae.

Ar aghaidh: Obair dheonach