Taisteal agus cothabháil

Léargas ginearálta

Is féidir le fostóir costais a gcuid fostaithe a íoc nuair a théann siad ar thurais ghnó. Féadfaidh siad cothabháil a íoc freisin má tá fostaithe ag obair amach óna ngnátháit oibre.

Féadfaidh fostóir a gcuid fostaithe a aisíoc nuair a úsáideann siad a gcarranna príobháideacha, a ngluaisrothair nó a rothair chun críche gnó.

Sa rannán seo mínítear céard iad na cineálacha taistil a fhéadann cáiliú le haghaidh na n-aisíocaíochtaí sin.

Tabhair do d'aire

Ní mór d'fhostóirí sonraí na gcostas a íocadh maidir le taisteal agus cothaithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Riachtanais tuairiscithe feabhsaithe.

Ar aghaidh: Gnáthionad oibre