Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe (ERR) ón 1 Eanáir 2024

Léargas ginearálta

Thug an tAcht Airgeadais 2022 Alt 897C isteach a iarrfaidh ar fhostóirí sonraí i leith chostais agus sochair áirithe a dhéantar le fostaithe agus stiúrthóirí a thuairisciú. Cuireadh tús le sonraí na gcostas agus na sochar seo a thuairisciú ar an 1 Eanáir 2024.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na costais agus na sochair seo, féach 'Fáisnéis is gá a thuairisciú'. Ní mór duit sonraí na gcostas agus na sochar seo a thíolacadh ag baint úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór duit an tíolacadh seo a dhéanamh ar nó roimh an dáta íocaíochta, leis an bhfostaí.

Tabhair do d'aire

Tá sraith seimineár gréasáin á reáchtáil ag na Coimisinéirí Ioncaim chun léargas a thabhairt maidir le Tuairisciú Feabhsaithe.

D'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim fógraí d'fhostóirí agus do ghníomhairí trí ROS chun a spéis a chlárú maidir le freastal ar na seimineáir ghréasáin seo. Más mian leat freastal ar cheann de na seimineáir ghréasáin seo, féadtar clárú go díreach le Eventbrite. Chun é seo a dhéanamh téigh chuig leathanach gréasáin Eventbrite na gCoimisinéirí Ioncaim agus roghnaigh an dáta a fheileann duit.

Fiseán eolais ar Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe

Ar aghaidh: Fáisnéis is gá a thuairisciú