Cianobair

Tabhair do d’aire

Leagtar amach ar an leathanach seo eolas d’fhostóirí. Más fostaí thú, tá eolas ar an leathanach Cianobair sa rannán 'Poist agus Pinsin' atá feiliúnach duitse.

Is éard atá i gceist le cianobair ná nuair a bhíonn d’fhostaí ag obair:

  • sa bhaile ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha
  • sa bhaile cuid den am agus sa ghnáthionad oibre an chuid eile den am.

Is éard atá i gceist le cianobair ná:

  • logáil isteach ó chian ar ríomhaire oibre
  • ríomhphost, sonraí nó comhaid a sheoladh ó chian
  • smaointe, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt ó chian.

Ní bhaineann na socruithe ar an leathanach seo ach le d’fhostaithe cianoibre amháin. Ní bhaineann siad le fostaithe a thugann obair abhaile taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Costais chianoibrithe

Féadtar íocaíocht €3.20 in aghaidh an lae oibre a dhéanamh le fostaí a oibríonn cianobair gan na hasbhaintí seo a leanas a dhéanamh:

Tá an íocaíocht seo ceaptha chun costais thabhaithe amhail leathanbhand, costais téimh agus leictreachais a chlúdach.

Coinníollacha riachtanacha

Féadtar íocaíocht €3.20 in aghaidh an lae oibre a dhéanamh saor ó cháin sna cásanna seo:

  • nuair atá comhaontú idir tú féin agus d’fhostaí go n-oibríonn an fostaí ón mbaile
  • nuair a dhéanann d’fhostaí dualgais thábhachtacha na fostaíochta a chomhlíonadh sa bhaile
  • agus
  • nuair a dhéanann d’fhostaí a ndualgais ón mbaile ar feadh tréimhsí suntasacha.

Riachtanais tuairiscithe

Ní mór duit sonraí an chostais seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, mar shampla:

  • líon iomlán na laethanta a oibríodh go cianda
  • an tsuim a íocadh.
  • agus
  • an dáta íoctha

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe.

Costais níos airde ná €3.20 in aghaidh an lae oibre

D’fhéadfadh go mbeadh costais d’fhostaí níos airde ná €3.20 in aghaidh an lae oibre agus féadfaidh tú na costais seo a aisíoc. Ni mór cáin a ghearradh ar aon suim níos airde ná €3.20 in aghaidh an lae oibre. Ní mór duit taifid a choinneáil de na híocaíochtaí a rinne tú. 

Trealamh agus áiseanna

Féadtar trealamh agus áiseanna a chur ar fáil d'fhostaí cianoibre le haghaidh úsáid ghnó, mar shampla:

  • ríomhaire nó ríomhaire glúine
  • printéir
  • scanóir
  • bogearraí chun gur féidir leat a bheith ag obair ón mbaile
  • fón, fón póca agus leathanbhanda
  • troscán oifige.

Sochar Comhchineáil é seo nuair is fíorbheag an úsáid phríobháideach a bhainfidh d’fhostaí as.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Féadfaidh sé go n-úsáideann d’fhostaithe cuid dá mbaile chun críocha ríomh-oibrithe. Má úsáideann, ní bheidh tionchar aige seo ar a n-éileamh ar Fhaoiseamh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach i leith díolúine iomlán ó CGC.

Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)

Ní bhfaighidh d’fhostaithe a oibríonn cianobair laghdú ar CMÁ atá dlite má úsáideann siad seomra ina dteach chun gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair a dhéanamh.