Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Faoisimh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach (PÁCP)

Is éard is Príomháit Chónaithe Phríobháideach (PÁCP) ann ná teach nó árasán atá faoi d’úinéireacht nó atá ina áit chónaithe phríomha agat.

Beidh tú díolmhaithe ó CGC má dhiúscraíonn tú maoin a bhí agat ar feadh tréimhse úinéireachta iomlán ina raibh tú:

  • i do chónaí ann mar d’áit chónaithe phríomha
  • ag úsáid na maoine ar fad mar d’áit chónaithe.

Tá an díolúine seo i bhfeidhm ar thalamh chomh maith, suas le hacra amháin (0.405 heicteár) timpeall ar theach. Ní áirítear suíomh an tí leis seo, agus ní chuirtear san áireamh é agus an faoiseamh á chur i bhfeidhm.

Tá teorainn ar an bhfaoiseamh PÁCP sa chás nár chónaí tú go hiomlán sa mhaoin nó sa chás go bhfuil luach forbartha ag an bpraghas díola.

Tabhair do d’aire

Meastar go bhfuil an 12 mhí dheireanacha d'úinéireacht PÁCP san áireamh le do thréimhse chónaithe.

Déantar é seo chun foráil a dhéanamh don chás gur bhog tú isteach go háit chónaithe nua, ach nach bhfuil d’áit chónaithe roimhe seo díolta agat go fóill.

Teorainn i gcás gan ach cuid de do mhaoin a bheith in úsáid mar áit chónaithe

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin i leith an chuid den teach a d'úsáid tú mar d’áit chónaithe. Mar shampla, féadfaidh sé go mbeidh leath de do theach in úsáid mar d’áit chónaithe, agus an leath eile mar do ghnó. Féadtar díolúine a éileamh i leith leath den ghnóthachan inmhuirir.

Ní bheidh tionchar ag an scéim Seomra ar Cíos ar d'éileamh ar dhíolúine iomlán.

Teorainn sa chás nach raibh tú i do chónaí sa mhaoin i gcónaí

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin le haghaidh an ama a raibh cónaí ort sa mhaoin.

Neamhláithreacht a mheastar mar chónaí sa mhaoin

Measfar gur chónaigh tú i do mhaoin sna cásanna seo:

  • nuair nach raibh tú in ann cónaí sa mhaoin mar gheall gur theastaigh ó d'fhostóir go mbeadh cónaí ort in áit eile (suas le huasteorainn ceithre bliana.)
  • nuair a bhí post agat, ina ndearna tú na dualgais uile a bhaineann leis an bpost sin taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann
  • nuair a d'fhan do PÁCP folamh agus tú:
    • ag fáil cúraim in ospidéal, teach altranais nó ionad téarnaimh
    • i do chónaí i dteach scoir ar bhonn táillí a íoc.

Teorainn i gcás luach forbartha a bheith ag do mhaoin

Féadfaidh sé go mbeadh luach poitéinsiúil níos airde ag do mhaoin ná an luach atá air, bunaithe ar an gcaoi a n-úsáideann tú é faoi láthair. Tugtar 'luach forbartha' ar an luach is airde.

Féadtar d'áit chónaithe agus talamh suas le hacra a dhíol ar a luach forbartha. Ní bhaineann Faoiseamh PÁCP ach le luach an tí nó na talún gan luach forbartha air.

Sula bhféadfaidh tú d'Fhaoiseamh PÁCP páirteach a ríomh, ní mór duit do 'ghnóthachan barúlach' a oibriú amach.

Cén chaoi le gnóthachan barúlach a oibriú amach

Ní mór duit cuid de na costais a asbhaint ón luach úsáide reatha.

  1. Ríomh an chuid den chostas:
    • Iolraigh na costais iomlána díola faoin luach úsáide reatha.
    • Roinn é seo ar an bpraghas díola.
  2. Asbhain an tsuim seo ón luach úsáide reatha.

Cén chaoi le Faoiseamh páirteach PÁCP a ríomh

  1. Oibrigh amach do ghnóthachan barúlach.
  2. Asbhain an luach ar an dáta a cheannaigh tú an áit chónaithe.

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Cuir an faoiseamh san áireamh agus do CGC á ríomh agat agus tíolaic do thuairisceán.

Ar aghaidh: Maoin a fuarthas idir 7 Nollaig 2011 agus 31 Nollaig 2014