Cianobair ón mbaile

Léargas ginearálta

Is éard atá i gceist leis an gcianobair ná nuair a iarrtar ort obair sa bhaile:

  • ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha
  • cuid den am agus ag an oifig an chuid eile den am.

Baineann an méid seo a leanas leis an gcianobair:

  • obair a dhéanamh ar feadh tréimhsí suntasacha sa bhaile
  • logáil isteach go cianda ar chóras ríomhaireachta d’fhostóra
  • ríomhphoist, sonraí nó comhaid a sheoladh nó a fháil ó chian
  • agus, nó
  • smaointe, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt ó chian.

Ní bhaineann na socruithe sa rannán seo ach leis an gcianobair amháin. Ní bhaineann siad leat nuair a thugann tú obair abhaile leat taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Tabhair do d’aire

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin i leith na laethanta a d’oibrigh tú ón mbaile mar chianoibrí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an leathanach “An chaoi a ríomhtar costais incheadaithe cianoibrithe”.

An faoiseamh a éileamh

Tugtar an faoiseamh ag an ráta cánach is airde. Má tá Faoiseamh Cianoibre á éileamh agat do bhliain roimhe seo, is gá duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú. Is gá duit é seo a dhéanamh le d’admhálacha agus billí a chuir tú isteach ar an Rianaire Admhálacha in moChúrsaí a phróiseáil. I gcás 2024, féadtar an faoiseamh a éileamh le linn na bliana

Míneoidh an físeán gairid seo an chaoi le hadmhálacha a uaslódáil:

Ar aghaidh: Liúntas íoctha ag d'fhostóir leat