Cianobair ón mbaile

Céard iad na costais a fhéadtar éileamh a dhéanamh ina leith?

Mura ndéanann d’fhostóir íocaíocht de €3.20 in aghaidh an lae, nó mura n-íocann sé-sí níos lú ná do chostais incheadaithe leat, féadfaidh tú Faoiseamh Cianoibre a éileamh. Tugtar an faoiseamh ag do ráta cánach is airde.

I gcás 2022 agus blianta ina dhiaidh

Féadtar 30% de chostas leictreachais, téimh agus leathanbhanda a leag ar an gCianobair. Tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a oibríodh sa bhaile i rith na bliana.

Do na blianta 2020 agus 2021

Féadtar:

  • 10% den chostas leictreachais agus téimh a leag ar an gcianobair. Tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a chaitear ag obair sa bhaile thar an mbliain.
  • agus
  • 30% den úsáid leathanbhanda a leag ar an gCianobair. Tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a chaitear ag obair sa bhaile thar an mbliain.

Ní mór aon suimeanna a íoc d’fhostóir a asbhaint ó d’éileamh.

Pacáistí leathanbhanda

Féadfaidh sé go gcuirtear do leathanbhanda ar fáil mar chuid de phacáiste, amhail teilifís, fón, leathanbhanda. Más rud é:

  • go gcuireann do sholáthraí briseadh síos ar fáil, féadtar 30% den úsáid leathanbhanda a leag ar an gCianobair. Tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a chaitear ag obair sa bhaile thar an mbliain.
  • nach gcuireann do sholáthraí briseadh síos ar fáil, tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta cionroinnt réasúnta ar chostas an phacáiste a ghlacadh mar chostas do leathanbhanda. Féadtar 30% den úsáid leathanbhanda a leag ar an gcianobair le haghaidh 2020 agus na mblianta ina dhiaidh sin. Tá cionroinnt bunaithe ar líon na laethanta a chaitear ag obair sa bhaile thar an mbliain.

Tabhair do d’aire

Ní costais incheadaithe iad míreanna caipitil a cheannaigh tú féin, amhail ríomhairí glúine, ríomhairí, trealamh oifige agus troscán oifige.

Ar aghaidh: An chaoi a ríomhtar costais incheadaithe cianoibrithe