Cianobair ón mbaile

Ríomhairí agus trealamh breise arna sholáthar ag an bhfostóir

Féadfaidh d’fhostóir aon cheann díobh seo a leanas a sholáthar le haghaidh úsáid gnó:

  • ríomhaire nó ríomhaire glúine
  • printéir
  • scanóir
  • bogearraí chun gur féidir leat a bheith ag obair ón mbaile
  • fón, fón póca agus leathanbhanda
  • agus, nó
  • troscán oifige.

Ní sochar comhchineáil é seo nuair is fíorbheag an úsáid phríobháideach atá i gceist. Ciallaíonn sé seo má úsáideann tú an trealamh chun críocha oibre den chuid is mó, níl ort aon cháin a íoc ar é a fháil.

Ar aghaidh: Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) agus Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)