Cianobair ón mbaile

An chaoi a ríomhtar costais incheadaithe cianoibrithe

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ach amháin i leith na laethanta a d’oibrigh tú ón mbaile mar chianoibrí. Ní fhéadtar na nithe seo a leanas a áireamh:

  • deireadh seachtaine nó laethanta saoire phoiblí nach raibh gá ort obair
  • laethanta a tógadh mar shaoire bhliantúil
  • laethanta a thug tú obair abhaile leat taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Costas roinnte idir breis agus duine amháin

Má roinntear an costas idir beirt nó níos mó, féadtar é a chionroinnt bunaithe ar an tsuim a d’íoc gach duine.

Foirmle chun ríomh a dhéanamh

Ríomhtar d’fhaoiseamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle (A × B) ÷ C - D ag 30%, sa chás go bhfuil:

  • (A) do bhillí fóntais incheadaithe le haghaidh leictreachais, teasa agus leathanbhanda
  • (B) líon na laethanta cianoibre atá agat
  • (C) líon na laethanta sa bhliain mheasúnaithe ábhartha
  • (D) aon liúntas cianoibre a aisíocann d’fhostóir.

Tugtar an faoiseamh ag an ráta cánach is airde.

Ar aghaidh: An chaoi le Faoiseamh Cianoibre a éileamh