Cianobair ón mbaile

Liúntas íoctha ag d'fhostóir leat

Más cianoibrí thú, féadfaidh d’fhostóir suas le €3.20 in aghaidh an lae a íoc leat gan na hasbhaintí seo a leanas a dhéanamh:

Déantar é seo chun na costais bhreise a bhaineann le bheith ag obair ón mbaile, amhail leictreachas, téamh agus leathanbhanda, a chlúdach.

D’fhéadfadh do chostais bhreise a bheith níos airde ná €3.20. Féadfaidh d’fhostóir na costais níos airde seo a íoc. Gearrfar cáin ar aon suim a íocann d’fhostóir atá níos mó ná €3.20 in aghaidh an lae. 

Má éilíonn tú Faoiseamh Cianoibre, ní mór aon íocaíocht ó d’fhostóir i leith costais chianoibre a asbhaint ó d’éileamh.

Ar aghaidh: Céard iad na costais a fhéadtar éileamh a dhéanamh ina leith?