Cianobair ón mbaile

An chaoi le Faoiseamh Cianoibre a éileamh

Tá an chaoi a n-éilíonn tú an faoiseamh éagsúil, ag brath ar an mbliain chánach.

Faoiseamh Cianoibre a éileamh

Féadtar an faoiseamh cánach a éileamh le linn na bliana nó tar éis dheireadh na bliana. Chun tacú le d'éileamh, ní mór duit admhálacha agus íomhánna de do bhillí fóntais a uaslódáil. Ní mór go mbeadh gach íomhá an admhála soiléir, inléite agus go léiríonn sé suim an bhille a íocadh.

Mura ndéanann tú admhálacha agus billí a uaslódáil, ní mór duit na bunchóipeanna a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana.

An faoiseamh a éileamh don bhliain reatha

Féadtar an faoiseamh don bhliain reatha a éileamh i bhfíor-am trí admhálacha agus íomhánna de do bhillí fóntais a uaslódáil. Féadtar é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an Rianaire Admhálacha sa rannán 'Seirbhísí ÍMAT' i moChúrsaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfaoiseamh a éileamh i rith na bliana, féach Cén chaoi le héileamh ar Chreidmheas Fíor-ama a dhéanamh.

An faoiseamh a éileamh tar éis dheireadh na bliana

Chun an faoiseamh a éileamh tar éis dheireadh na bliana:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Sa rannán ‘Seirbhísí ÍMAT’, roghnaigh ‘Déan athbreithniú ar do cháin do na 4 bliana roimhe’.
  3. Roghnaigh an Bhliain Chánach Ioncaim 2023 agus roghnaigh ‘tíolaic’.
  4. Déan iarratas ar Réamhráiteas Deireadh Bliana
  5. Cliceáil ar 'Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim'
  6. Sa rannán 'Creidmheasanna agus Faoisimh Chánach', roghnaigh 'Do phost' agus ansin roghnaigh 'Faoiseamh Cianoibre'
  7. Comhlánaigh agus tíolaic do Thuairisceán Cánach Ioncaim.

Is féidir leat do Thuairisceán Cánach Ioncaim do 2025 a chomhlánú ón 1 Eanáir 2026.

Ar aghaidh: Ríomhairí agus trealamh breise arna sholáthar ag an bhfostóir