Creidmheasanna Fíor-Ama

Cén chaoi le héileamh ar Chreidmheas Fíor-ama a dhéanamh

Féadfaidh tú éileamh fíor-ama a dhéanamh tar éis duit caiteachas cáilitheach a thabhú. Ní mór íomha inléite de gach admháil a uaslódáil chuig an Rianaire Admhálacha. Tá an Rianaire Admhálacha sna rannáin ‘Seirbhísí ÍMAT’ agus ‘Bainistigh Mo Thaifead’ in moChúrsaí.

Beidh ort sonraí ar dháta íoca an chostais agus an tsuim a d’íoc tú a chuir ar fáil. Féadfaidh sé go mbeidh ort tuilleadh eolais a chur ar fáil agus creidmheasanna nó faoisimh áirithe á éileamh agat, mar shampla:

  • ainm agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) chónaitheoir an tí altranais má íocann tusa na táillí
  • Foirm Med 2 comhlánaithe ag cleachtóir fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta neamhghnáthaimh.

Sa Rianaire Admhálacha:

  • Roghnaigh ‘Cuir admháil nua leis’.
  • Cuir isteach an dáta ar íocadh an costas.
  • Roghnaigh catagóir agus fochatagóir ón liosta a chuirtear ar fáil.
  • Cuir isteach suim na gcostas a d’íoc tú.
  • Deimhnigh go bhfuair tú aisíocaíocht ó thriú páirtí, nuair is cuí.
  • Uaslódáil d’admháil, lean na treoracha agus roghnaigh ‘Cuir admháil leis’ ag bun an leathanaigh.
  • Lean aon leid a thagann aníos.
  • Sínigh agus tíolaic trí do phasfhocal moChúrsaí a chur isteach. 

Aisíocaíochtaí ó thriú páirtithe

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal, nó go bhfuair tú, aisíocaíocht ó thriú páirtí i dtreo do chaiteachas ó cheann amháin díobh seo a leanas:

Má fuair tú aisíocaíocht, nó go bhfuil tú i dteideal aisíocaíocht a fháil, ní mór duit:

  • roghnaigh ‘Fuair’ nuair a iarrtar ort an bhfuair tú aisíocaíocht
  • agus
  • cuir isteach an tsuim a aisíocadh nó atá dlite le haisíoc leat. 

Asbhainfear an tsuim seo ó do chostais go huathoibríoch sula ndéanann tú d’éileamh ar Chreidmheasanna Fíor-Ama. Ní fhéadtar d’éileamh a chur i gcrích go dtí go ndeimhnítear suim na haisíocaíochta a fuarthas.

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ar shuim aon aisíocaíocht i leith do chaiteachas a fuair tú, nó atá le fáil agat.

Má chlúdaíonn an aisíocaíocht roinnt éilimh caiteachais, ba chóir an tsuim a leithdháileadh idir gach éileamh cuí.

Ar aghaidh: Cén chaoi le dul chun cinn d'admhálacha uaslódáilte a sheiceáil