Costais sláinte

Costais tí altranais agus costais breise cúraim altranais

Costais tí altranais

Féadtar faoiseamh Cánach Ioncaim a éileamh i leith costais tí altranais a n-íocann tú astu. Féadtar an faoiseamh seo a éileamh mar asbhaint ó d’ioncam iomlán má chuireann an teach altranais cúram altranais 24 uair an chloig ar an suíomh ar fáil. Ciallaíonn sé seo go laghdaítear an chuid de d’ioncam atá incháinithe ag do ráta cánach is airde. Dá bhrí sin, braitheann suim an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh ag 40% nó 20% ar an méid cánach a íocann tú ag an dá ráta.

Tabhair do d’aire:

Chun samplaí sonracha ar an gcaoi a ríomhtar costais tí altranais, féach rannán 5 de Health Expenses Tax and Duty Manual.

An Scéim um Thacaíocht Tithe Altranais (Cothrom na Féinne)

Féadann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cabhrú leat le costas do chúraim tí altranais. Ní fhéadtar faoiseamh cánach a éileamh ar an tsuim íoctha ag an FSS. Ní fhéadtar faoiseamh cánach a éileamh ach ar an tsuim a n-íocann tú astu.

An Scéim um Thacaíocht Chúntach Stáit (Scéim Iasachta Cothrom na Féinne)

Féadfaidh sé gur mian leat do chostais sláinte a iarchur. Féadtar é seo a dhéanamh má tá talamh nó sócmhainní maoine Éireannacha agat. Cuireann an FSS iasacht ar fáil duit, trí do shócmhainní a úsáid mar urrús.

Íocann an FSS an iasacht go díreach leis an teach altranais. Ní fhéadtar faoiseamh cánach a éileamh ar an tsuim íoctha ag an FSS leis an teach altranais.

Ní mór an iasacht a bheith aisíoctha:

  • nuair a dhíoltar an tsócmhainn a úsáidtear mar urrús
  • tar éis duit bás a fháil.

Nuair a aisíoctar an iasacht, féadfaidh tú nó d’eastát faoiseamh cánach a éileamh ar an tsuim aisíoctha.

Féach an rannán ar an Scéim iasachta um Thithe Altranais (Cothrom na Féinne) chun tuilleadh eolais a fháil ar an scém seo.

Faoiseamh a fháil le linn na bliana cánach

I gcúinsí áirithe, féadann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh a dheonú ort ar chostais tí altranais le linn na bliana cánach. Chun é seo a iarraidh, déan teagmháil le d’Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le sonraí ar d’éileamh.

Mura bhfaigheann tú faoiseamh cánach le linn na bliana, ní mór duit do shonraí éilimh a chomhlánú tar éis dheireadh na bliana, mar is gnách.

Costais breise cúraim altranais

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith na gcostas a bhaineann le cúram altranais bhreise. Féadfaidh sé go mbeidh tú nó do ghaol:

  • faoi bhreoiteacht thromchúiseach agus go bhfuil cúram altranais uaibh. (is é seo nuair a fhostaíonn tú altra cáilithe, ar chomhairle liachleachtóra, chun cúram altranais a chur ar fáil sa bhaile).
  • i dteach altranais agus go bhfuil níos mó cúraim altranais uaibh ná mar is gnách.

Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit deimhniú leighis a chur ar fáil ar a sonraítear an méid seo a leanas:

  • go bhfuil gá le:
    • síorchúram altranais ag altra cáilithe i mbaile an othair
    • cúram altranais breise sa teach altranais
  • ainm agus seoladh an othair
  • achoimre ar chineál breoiteachta an othair
  • a chlúdaíonn an tréimhse iomlán a bhfuil éileamh á dhéanamh ar chúram altranais.

Ní mór duit chomh maith ainm agus seoladh iomlán an t-altra a chur ar fáil, chomh maith le cruthúnas ar a gcáilíocht altranais.

Ní mór duit briseadh síos ar na híocaíochtaí leis an altra agus na hadmhálacha íocaíochta uile a choinneáil.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Chun faoiseamh cánach a éileamh i leith costais sláinte nó costais breise cúraim altranais, féach an leathanach ‘Cén chaoi a ndéantar éileamh i leith costais sláinte?’. 

Ar aghaidh: Costais chothaithe bhreise le haghaidh céiliach agus diaibéiteach