Liúntas i leith Madraí Treorach

Má tá tú dall nó má tá lagú amhairc ort, féadtar creidmheas cánach a éileamh má tá madra treorach traenáilte agat. Féadtar Creidmheas Cánach na nDall a éileamh chomh maith.

Is liúntas bliantúil €825 é an liúntas i leith Madraí Treorach ag an ráta caighdeánach 20% de Cháin Ioncaim (cothrom le creidmheas €165).

Chun an creidmheas seo a éileamh:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  • Cliceáil ar ‘Bainistigh do cháin 2023’ faoi ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  • Cliceáil ar ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
  • Faoin rannán ‘Sláinte', roghnaigh 'Liúntas i Leith Madra Cuidithe'.
  • Deimhnigh líon na madraí cuidithe a bhfuil tú ag éileamh ina leith.
  • Uaslódáil aon doiciméad tacaíochta atá agat.
  • agus
  • Cliceáil ar 'Ar Aghaidh’ chun an próiseas éilimh a chur i gcrích.

Féadfaidh madraí cúnamh eile cáiliú d’fhaoiseamh éagsúil.

Doiciméid riachtanacha

Chun cáiliú don liúntas seo, ní mór litir a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ina ndearbhaítear gur thú úinéir cláraithe an mhadra threoraigh. Ní mór gur ó sholáthraí an mhadra an litir. Ba chóir don soláthraí a bheith mar eagraíocht chreidiúnaithe (amhail Cumann na hÉireann um Madraí Treorach). Is féidir leat na doiciméid riachtanacha a uaslódáil trí 'Bainistigh Mo Thaifead' i moChúrsaí.

Ba chóir cóip den litir seo a bheith in éineacht le do chéad éileamh. Féadtar an faoiseamh a cheadú do gach bliain ina chothabháiltear an madra. Ba chóir cóip den litir seo a choinneáil i do thaifid. Ni mór duit na taifid seo a choinneáil ar feadh sé bliana. 

Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas mura bhfuil madra treorach agat a thuilleadh.