Madraí cabhrach do dhaoine fásta agus do leanaí
Má theastaíonn madra seirbhíse oilte nó madra cabhrach uait, d'fhéadfá €825 sa bhliain a éileamh. Tá sé sin ar choibhéis le creidmheas cánach de €165 mar chostas sláinte, cosúil leis an bhfaoiseamh a cheadaítear le haghaidh Liúntas i leith Madra Treorach.
Féadann tú úsáid a bhaint as moChúrsaí chun an liúntas seo a éileamh.
Tá madraí seirbhíse oilte chun riachtanais shonracha a gcuid úinéirí a chomhlíonadh. Tá siad oilte chun:
- cuidiú lena n-úinéir seasamh agus siúl thart trí bhonn seasmhach agus gluaisne ar aghaidh a thabhairt
- rabhadh a thabhairt maidir le taom atá ar tí tarlú nó titim ar leibhéil siúcra sa bhfuil, ionas gur féadfaidh an úinéir gníomh coisctheach a ghlacadh
- úinéir bodhar a chur ar a airdeall maidir le fuaimeanna éagsúla
- cabhrú le duine é féin a ghléasadh agus chun a éadaí a bhaint dó
- tafann a dhéanamh chun fógra a thabhairt in éigeandáil (má thiteann an t-úinéir nó má bhíonn taom aige)
- rudaí a fháil ar ais cosúil le teileafón, eochracha nó mála.
Bíonn madraí cabhrach i gcomhair uathachais oilte go ginearálta:
- chun cabhrú leis an duine fásta nó leis an leanbh imeacht leis níos éasca
- chun tionchar suaimhnithe a soláthar freisin, go háirithe do leanaí
- chun dainséar nó riochtaí leighis thromchúiseacha a bhrath, agus chun rabhadh a thabhairt.
Chun cáiliú le haghaidh an faoiseamh cánach seo ní mór duit litir a dhearbhaíonn gur tú úinéir cláraithe an mhadra cabhrach a sholáthar dúinn. Ní mór gur ó sholáthraí an mhadra an litir. Ba chóir don soláthraí a bheith mar eagraíocht atá creidiúnaithe ag Assistance Dogs Europe (ADEu).
Teastóidh ráiteas ón eagraíocht a chuir an madra ar fáil duit le cur isteach le do chéad éileamh. Is féidir leat an doiciméad seo a uaslódáil tríd ‘Bainistigh Mo Thaifead’ a roghnú ar MoChúrsaí. Féadfar an faoiseamh a dheonú i dtaca le gach bliain a mbíonn an madra á choinneáil agat.
Ba chóir duit muid a chur ar an eolas mura bhfuil madra cabhrach agat a thuilleadh.