Creidmheas Cánach na nDall
Má tá tú dall nó má tá lagú radhairc ort le linn na bliana, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal Creidmheas Cánach na nDall a éileamh.
Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus sibh beirt dall, gheobhaidh tú creidmheas cánach dúbailte.
Is éard atá i gCreidmheas Cánach na nDall ná:
- €1,650 in aghaidh na bliana do dhuine singil
- €1,650 sa chás go bhfuil duine amháin i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta dall
- €3,300 sa chás go bhfuil an bheirt i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta dall.
Bain úsáid as moChúrsaí chun Creidmheas Cánach na nDall a éileamh.
Má tá leanbh agat atá dall, ní fhéadtar Creidmheas Cánach na nDall a éileamh. Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann an Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe a éileamh ina áit.
Coinníollacha cáilitheachta
Ní mór lagú radhairc a bheith ort chun cáiliú do Chreidmheas Cánach na nDall. Is é an sainmhíniú ar lagú radhairc ná:
- ní sháraíonn do ghéire amhairc lárnach 6/60 sa tsúil is fearr agat, agus lionsaí ceartúcháin á gcaitheamh
- tá srian ar do réimse radhairc den mhéid nach n-iompraíonn an trastomhas is leithne de do réimse radhairc ag uillinn níos mó ná 20 céim.
Cáipéisí riachtanacha
Ní mór deimhniú a bheith agat ó ceann díobh seo:
- oftailmeolaí leighis
- máinlia oftalmach
- optaiméadraí.
Ní mór go sonrófaí ar do dheimhniú:
- méid do dhaille
- cé acu an lagú sealadach nó lagú buan atá ann.
Ní ghlacfaimid le deimhniú ó radharceolaí ná nó ó dhochtúir chun na críche seo.
Is féidir leat na doiciméid riachtanacha a uaslódáil trí 'Bainistigh Mo Thaifead' i moChúrsaí.