Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe

Léargas ginearálta

Tá an Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe ar fáil do thuismitheoir nó caomhnóir leanbh:

  • atá éagumasaithe go buan, go fisiceach nó go meabhrach
  • agus
  • a bhfuil coinne réasúnach ann nach mbeidh an leanbh in ann iad féin a chothabháil nuair a bheidh sé os cionn 18 mbliana d’aois.

Tabhair do d’Aire

Is éard is brí le 'Cothabháil' i dtaca leis an gCreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe, ná a bheith i gcumas tacú leat féin trí ioncam a thuilleamh as obair.

Má tá níos mó ná leanbh amháin agat atá éagumasaithe go buan, féadtar creidmheas a éileamh i leith gach linbh. Má tá cothabháil á déanamh de do leanbh ag níos mó ná aon duine amháin, roinntear an creidmheas cánach eatarthu. 

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcáilítear don Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe?