Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi a gcáilítear don Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe?
  3. Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe a éileamh?

Cén chaoi a gcáilítear don Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe?

Tá an Creidmheas cánach i leith Leanbh Éagumasaithe ar fáil i leith leanbh atá:

  • níos óige ná 18 mbliana d’aois agus atá éagumasaithe go buan, go fisiceach nó go meabhrach
  • níos sine ná 18 mbliana d’aois agus nach bhfuil in ann iad féin a chothabháil.

Nuair atá an leanbh níos sine ná 18 mbliana d’aois, caithfidh sé nó sí a bheith faoi éagumas buan:  

  • sula sroichtear 21 bliain d’aois
  • le linn dóibh a bheith in oideachas lánaimseartha nó i mbun oiliúna lánaimseartha le haghaidh ceirde nó gairme. Caithfidh an oiliúint seo leanúint ar aghaidh ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

Ní mór an t-éagumas a bheith amhlaidh nach dócha go mbeidh an leanbh in ann cúram a dhéanamh díobh féin, fiú ag baint leas as:

  • cóireáil
  • aon ghléas
  • cógas
  • teiripe.

Ní mór ionchas réasúnach a bheith ann, dá mbeadh an leanbh níos sine ná 18 mbliana d’aois, nach mbeadh siad in ann iad féin a chothabháil.

Chun críocha an chreidmheasa seo, is éard is brí le ‘cothabháil’ ná an cumas cúram a dhéanamh díobh féin trí bheatha a shaothrú ó bheith ag obair.

Muna tusa tuismitheoir an linbh éagumasaithe, ní mór duit:

  • coimeád a bheith agat ar an linbh
  • agus
  • coimeád a bheith agat ar an linbh ar do chostas féin.

Ní fhéadtar ach ceann amháin den Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe a éileamh i ndáil le leanbh éagumasaithe. Má tá cúram á dhéanamh de do leanbh ag níos mó ná aon duine amháin, roinntear an creidmheas cánach eatarthu.

Creidmheas Cánach i leith Gaol Cleithiúnach

Ní fhéadtar an Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe agus an Creidmheas Cánach i leith Gaol Cleithiúnach a éileamh i ndáil leis an leanbh céanna.

Ar aghaidh: Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe a éileamh?