Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi a gcáilítear don Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe?
  3. Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe a éileamh?

Cén chaoi leis an gCreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe a éileamh?

Is gá duit Foirm ICC2 dheimhnithe a fháil ó Liachleachtóir an linbh.

Tabhair do d’aire

Tugann an Liachleachtóir, ar an bhFoirm ICC2, dearbhú maidir le cumas an linbh cúram a dhéanamh díobh féin tar éis 18 mbliana d’aois. Ní mór go sonrófaí sa dearbhú seo go bhfuil coinne réasúnach leis go gcuireann méid an éagumais cosc ar an leanbh cúram a dhéanamh díobh féin thar 18 mbliana d’aois.

Féadfaidh custaiméirí Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) éileamh á dhéanamh sa bhliain reatha trí Seirbhísí ÍMAT a úsáid i moChúrsaí mar seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin 2024’.
  3. Roghnaigh ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
  4. Roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus ‘Creidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe’.
  5. Comhlánaigh na réimsí riachtanach agus uaslódáil an Fhoirm ICC2.

Féadtar éileamh a dhéanamh i leith blianta roimhe chomh maith ach úsáid a bhaint as moChúrsaí.

I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus ‘Creidmheas cánach i leith Leanbh Éagumasaithe’.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Ba chóir duit Foirm ICC2 a uaslódáil nuair atá d’éileamh á dhéanamh agat mar gheall go bhfuil sé ag teastáil chun d’éileamh a cheadú. Ní mór duit cóip de na foirmeacha seo a choinneáil ar feadh sé bliana ón uair a bheidh éileamh déanta agat.

Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid

Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid, féadtar an creidmheas a éileamh ach Foirm ICC1 a chomhlánú i ndáil leis an leanbh cáilitheach. Ní mór duit Foirm ICC1 dheimhnithe ó Liachleachtóir an linbh a chur ar fáil chomh maith. Féadtar an dá dhoiciméad a sheoladh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Rátaí an Chreidmheasa Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe

Chun na rátaí a fheiceáil don bhliain reatha agus do bhlianta roimhe, féach na Cairteacha ar rátaí, bandaí agus faoisimh chánach.