Creidmheas Cánach i leith Gaol Cleithiúnach

Tabhair do d'aire

Ní cháileoidh leanaí an éilitheora mar ghaol cleithiúnach ach amháin i gcúinsí áirithe. De ghnáth, ciallaíonn sé seo leanbh i ról cúraim nó sa chás gurb é an leanbh an cleithiúnaí.

Féach an Tax and Duty Manual Part 15-01-27 le haghaidh tuilleadh eolais.

Féadtar an creidmheas seo a éileamh má chothabhálann tú do ghaol ar do chostas féin. Féadtar éileamh a dhéanamh i leith do ghaoil, nó gaol le do chéile nó le do pháirtnéir sibhialta.

Is éard is brí le gaol a chothabháil ar do chostas féin, ná gnáthchostais an tsaoil a sheasamh. Ní mór duit do ghaol a chothabháil go substaintiúil sa chás nach bhfuil siad in ann iad féin a chothabháil.

Coinníollacha cáilitheachta

Maidir leis an ngaol a ndéanann tú éileamh ina leith, ní mór gur gaol leatsa, le do chéile nó le do pháirtnéir sibhialta é nó í mar seo a leanas:

  • gaol nach bhfuil in ann iad féin a chothabháil, mar gheall ar éagumas ó sheanaois nó easláinte
  • athair ar baintreach fir é nó máthair ar baintreach í, bíodh sé nó sí ar éagumas nó ná bíodh
  • tuismitheoir, ar páirtnéir sibhialta marthanach é nó í, bíodh sé nó sí ar éagumas nó ná bíodh
  • leanbh a chónaíonn leat agus a mbraitheann tú ar sheirbhísí an duine sin mar gheall ar sheanaois nó easláinte.

Níl aon riachtanas ann go mbeadh cónaí ar an ngaol in Éirinn le go gcáileofar don chreidmheas seo. Má tá tú ag éileamh i leith do linbh agus má bhraitheann tú ar sheirbhísí an duine sin, ní mór cónaí a bheith ar an leanbh sin in Éirinn leat.

Go ginearálta, ní fhéadtar an creidmheas i leith do linbh a éileamh, ach amháin má tá sé nó sí in a c(h)ónaí leat agus gurb é (nó í) do chúramóir. Sa chás seo, le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ní féidir le hioncam do linbh a bheith níos mó ná €18,028.

Má tá éileamh á dhéanamh agat ar ghaol éagumasaithe, ní mór duit a bheith in ann a chruthú go bhfuil tú á gcothabháil ar do chostas féin. Ní mór duit a bheith in ann a chruthú freisin go bhfuil do ghaol éagumasaithe de bharr seanaoise nó éiglíochta agus nach féidir leo iad féin a chothabháil.

Faoiseamh dlite

Féadtar creidmheas cánach €305 a éileamh (€245 le haghaidh na mblianta 2022–2024).

Ní bhfaighidh tú creidmheas cánach do 2026 má tá ioncam do ghaoil chleithiúnaigh níos mó ná €18,028, le héifeacht ón 1 Eanáir 2025 (€17,404 le haghaidh 2024).

Áirítear ioncam uile do ghaoil chleithiúnaigh chun críocha na teorann ioncaim a shocrú. Áirítear leis sin íocaíochtaí leasa shóisialaigh, pinsin agus ús ar thaiscí do ghaoil chleithiúnaigh.

Má tá níos mó ná duine amháin i mbun cothabhála ar an ngaol cleithiúnach, roinntear an creidmheas eatarthu nó ina measc.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Éileamh a dhéanamh i leith na bliana reatha:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin don bhliain reatha’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Roghnaigh ‘Déan éileamh ar creidmheasanna cánach’.
  4. Roghnaigh ‘Creidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh’ faoin gcatagóir ‘Tú féin agus do theaghlach’.

Éileamh a dhéanamh do bhliain roimhe seo:

  1. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin le haghaidh ceithre bliana roimhe’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.
  2. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  3. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  4. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Tú féin agus do theaghlach’ agus ‘Creidmheas cánach gaoil chleithiúnaigh’.
  5. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Tuilleadh eolais

Féadtar éileamh a dhéanamh freisin orthu seo: