Préimheanna árachais sláinte

Léargas ginearálta

Braitheann an bealach ina dtugtar faoiseamh cánach duit ar cibé a íocann tú féin nó d'fhostóir an phréimh árachais sláinte.

Má tá polasaí árachais sláinte agat, a íocann d'fhostóir as, féadfaidh sé go mbeidh tú incháilithe chun Faoiseamh Árachais Sláinte a éileamh.

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh ar an gcuid de do pholasaí árachais sláinte a chlúdaíonn sochair atá incháilithe do fhaoiseamh Cánach Ioncaim faoi costais sláinte. Tá an faoiseamh cánach a fhéadtar a éileamh ag an ráta caighdeánach cánach (20%). Féadann polasaithe árachais sláinte incháilithe a bheith i leith:

  • árachas sláinte
  • árachas fiaclóireachta
  • árachas sláinte agus fiaclóireachta in éineacht.

Ar aghaidh: Má íocann tú as do phréimh árachais leighis