Luacháil sochar

Árachas leighis a íoc le haghaidh fostaithe

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag íoc préimheanna árachais leighis thar ceann fostaí. Is sochar incháinithe é seo do d’fhostaí. 

Nuair a íocann tú préimh árachais leighis ar son fostaí, íocann tú préimh laghdaithe leis an árachóir ceadaithe. Beidh Faoiseamh Árachais Sláinte (a thugtar mar Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse) curtha i bhfeidhm ag an árachóir ar an tsuim chomhlán. Beidh ort luach an Fhaoisimh Árachais Leighis a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. 

Is é luach an tsochair do d’fhostaí ná luach comhlán na préimhe árachais. Ní mór duit an tsuim chomhlán seo a chur le pá d’fhostaí, mar phá barúlach, chun an méid seo a leanas a asbhaint:

Cén chaoi le luach an Fhaoisimh Árachais Sláinte a thuairisciú

Go ginearálta, ní mór duit luach aon Fhaoisimh Árachais Sláinte a íoc leis an rannán FCF i Rannóg an Ard-Bhailitheora

Ní mór duit suim an faoisimh a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim mar seo:

  • mar chuid de do d’íocaíocht réamh-Chánach Corparáide , má tá tú cláraithe le haghaidh Cáin Chorparáide agus má thugann tú cuntas ina leith seo i d’fhoirm CT1
  • mar chuid de do d’íocaíocht réamh-Chánach Ioncaim , má tá tú cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim agus má thugann tú cuntas ina leith seo i d’Fhoirm 11
  • seic nó dréacht bainc mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim nó Cáin Chorparáide
  • seic nó dréacht bainc má tá tú neamhchónaitheach.

Féadfaidh tú asbhaint a éileamh i leith luach comhlán an pholasaí a íoc chun críocha Chás I nó Chás II.

Árachas sláinte a íoc sa chás gur árachóir é an fostóir

Ní gá duit luach aon Fhaoisimh Árachais Sláinte a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim más rud é:

  • gur árachóir sláinte nó déidliachta thú
  • gur gníomhaire ceangailte de chuid árachóra sláinte nó déidliachta thú
  • gur fostóir thú atá bainteach le hárachóir sláinte nó déidliachta nó le gníomhaire ceangailte. (Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil tú bainteach déan teagmhail le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh cabhrach.)

Ní fhéadtar asbhaint a éileamh i leith luach comhlán an pholasaí chun críocha Chás I nó Chás II. Ina áit sin, féadtar asbhaint a éileamh i leith aon chostais riaracháin a thabhaítear chun polasaí árachais sláinte a sholáthar do d’fhostaithe.

Gníomhaire ceangailte

Sa chás seo, tagraíonn gníomhaire ceangailte d’aon ghníomhaire árachais a bhfuil comhaontú déanta aige le hárachóir sláinte nó fiaclóireachta. Cuireann an comhaontú cosc nó srian géar ar a gcumas polasaithe árachais sláinte nó déidliachta a dhíol a thairgeann árachóirí eile sláinte nó déidliachta. 

Ar aghaidh: Earraí agus sócmhainní a chuirtear ar fáil d'fhostaithe