Luacháil sochar

Earraí agus sócmhainní a chuirtear ar fáil d'fhostaithe

Féadtar earraí agus sócmhainní a cheannach nó a chur ar fáil d'fhostaí, amhail:

  • teilifíseáin
  • ríomhairí
  • fóin phóca
  • earraí leictreonacha
  • fearais
  • carranna
  • tithe
  • báid.

Braitheann cánachas na míreanna seo ar an méid seo a leanas:

  • má d’aistrigh tú úinéireacht na míre chuig do d’fhostaí
  • má choinníonn tú úinéireacht ar an mír.

Cóir chánach nuair a aistrítear úinéireacht chuig fostaí

Is é luach an tsochair seo an ceann is airde de na nithe seo a leanas:

  • an costas a thabhaigh tú leis na hearraí nó leis na sócmhainní a chur ar fáil
  • luach margaidh an earra nó na sócmhainne (an tsuim a gheobhadh d’fhostaí dá ndíolfadh sé nó sí an mhír).

Más tusa a dhéanann na hearraí a mhonarú, is iondúil go mbíonn an costas leis na hearraí a chur ar fáil níos lú ná an luach margaidh. Is é luach an tsochair an ceann is airde den dá shuim seo. 

Féadtar roghnú sócmhainn dhímheasta a thabhairt do d’fhostaí. Sa chás seo, is é luach an tsochair ná luach margaidh na sócmhainne ar dháta an bhronntanais.

Ní mór duit luach an tsochair a chur le pá d’fhostaí, mar phá barúlach, chun an méid seo a leanas a asbhaint:

Cóir chánach nuair a choinníonn an fhostóir úinéireacht

Féadtar úinéireacht an earra nó sócmhainne a choinneáil agus é a chur ar fáil le haghaidh úsáid phríobháideach ag fostaí. Tá rialacha éagsúla i gceist i leith cóir chánach nuair atá úinéireacht agat agus má ligeann tú an méid seo a leanas a bheith ag fostaí:

Lascainí foirne

Féadtar lascaine a chur ar fáil do d’fhoireann ar earraí a chuireann do ghnó ar fáil. Má chuireann, féadfaidh sé nach dtiocfaidh sochar incháinithe aníos má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Chun tuilleadh eolais a fháil féach Lascainí foirne.

Earraí curtha ar fáil chun críocha oibre

Féadtar trealamh oifige áirithe a chur ar fáil do d’fhostaí chun críocha ghnó. Ní sochar incháinithe é seo má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Chun tuilleadh eolais a fháil air seo féach Idirlíon, ríomhairí, fóin agus soláthairtí a bhaineann leis an obair.

Ar aghaidh: Dearbháin curtha ar fáil d'fhostaithe