Idirlíon, ríomhairí, fóin agus soláthairtí a bhaineann leis an obair

Féadfaidh fostóirí soláthairtí nó trealamh áirithe a sholáthar d'fhostaithe chun cur ar a gcumas oibriú ón mbaile, mar shampla trealamh TF, teileafóin agus earraí gaolmhara. De ghnáth, ní chaitear leis seo mar shochar inchánach, ar choinníoll go n-úsáidtear an trealamh go príomha chun críocha oibre.

Idirlíon

Féadfaidh fostóirí nasc idirlín ardluais tiomnaithe a sholáthar d'fhostaí go sonrach le haghaidh úsáide gnó. Ní Sochar Comhchineáil (SC) é seo nuair nach bhfuil an úsáid phríobháideach a bhaineann an fostaí as ach fíorbheag.

Trealamh ríomhaireachta

Féadfar an trealamh ríomhaireachta seo a leanas a sholáthar d’úsáid ghnó go sonrach:

  • ríomhaire (lena n-áirítear ríomhaire glúine nó ríomhaire boise)
  • meaisín facsamhla
  • printéir
  • scanóir
  • móideim 
  • dioscaí, tiomántáin diosca agus gléasanna foirmeallacha-ríomhaire eile.

SC é seo nuair nach bhfuil an úsáid phríobháideach a bhaineann an fostaí as ach fíorbheag agus nach bhfuil aon aistriú úinéireachta i gceist leis an trealaimh.

Teileafóin nó fóin phóca a sholáthraíonn an fostóir

Féadfaidh fostóirí líne teileafóin bhaile nó fón póca tiomnaithe a sholáthar d'fhostaí go sonrach le haghaidh úsáide gnó. Ní SC é seo nuair nach bhfuil an úsáid phríobháideach a bhaineann an fostaí as ach fíorbheag agus nach bhfuil aon aistriú úinéireachta i gceist leis an trealaimh.

Tabhair do d'aire

Measfar go bhfuil úsáid phríobháideach fíorbheag, i gcomhthéacs teileafóin, nuair nach bhfuil costas na húsáide príobháidí níos mó ná 5% de chostais glaonna.

Úsáideann fostaí fón s'acu féin chun críocha gnó

Is féidir le fostóirí bille teileafóin bhaile nó bille fón póca fostaí a íoc. Ní sochar inchánach é seo sa chás go n-úsáidtear an teileafón go príomha chun críocha gnó agus gur fíorbheag an úsáid phríobháideach a bhaintear as.

Sa chás go n-úsáidtear an teileafón le haghaidh úsáide pearsanta agus gnó araon, féadfaidh fostóir méid saor ó cháin a íoc i leith na húsáide gnó. Caithfidh an íocaíocht seo a bheith bunaithe ar mheastachán réasúnta de chostas úsáide gnó an fhóin.

Sa chás go mbíonn fostaí ar glao-dhualgas lasmuigh de ghnáthuaireanta, féadfaidh an fostóir suas le 50% de chostais chíosa na líne a íoc saor ó cháin. Má chruthaíonn an fostaí go raibh úsáid phríobháideach an fhóin níos lú ná 50%, laghdaítear luach an tsochair go comhréireach.

Ní mór do fhostóirí taifid a choinneáil ar an gcaoi ar ríomh siad luach an tsochair má tá sé níos lú ná 50% de chostais chíosa na líne.

Soláthairtí a bhaineann leis an obair

Féadfaidh fostóirí troscán, trealamh agus áiseanna áirithe a sholáthar d'fhostaithe cianoibre chun cur ar a gcumas oibriú ón mbaile. Ní SC é seo nuair atá an úsáid phríobháideach fíorbheag agus nach bhfuil aon aistriú úinéireachta i gceist. 

Ní bhaineann an socrú seo le fostaithe a thugann obair abhaile lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Féach Cianobair le haghaidh tuilleadh eolais.

Úsáid phríobháideach

Má chuirtear aon cheann de na soláthairtí nó an trealamh thuas ar fáil go príomha le haghaidh úsáid phríobháideach fostaí, is SC atá ansin. Iarrtar ar fhostóirí Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a chur i bhfeidhm ar luach an tsochair. Féach an The provision of work related equipment and supplies le haghaidh tuilleadh eolais.