Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim
Léargas ginearálta
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas sa rannán seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach ar an Employers Guide to PAYE.
Ní mór d'fostóir na cánacha seo a leanas a asbhaint ó phá fostaí:
Ní mór don fhostóir an cháin uile a asbhaintear ó phá fostaí a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Ní mór d'fhostóirí sonraí párolla a thuairisciú gach uair a íoctar fostaí. Ní mór don fhostóir na sonraí seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá, nó roimhe sin.
Má tá íocaíochtaí déanta ag an bhfostóir le fostaithe i rith na míosa, ní mór don fhostóir tíolacthaí párolla a thíolacadh. Má íocann an fostóir a chuid fostaithe go míosúil, ní mór don fhostóir tíolacadh párolla a thíolacadh gach mí. Má íocann an fostóir a chuid fostaithe go seachtainiúil, ní mór don fhostóir tíolacadh párolla a thíolacadh gach seachtain.
Bunaithe ar na tíolacthaí párolla seo, cruthóidh na Coimisinéirí Ioncaim ráiteas don mhí faoin 5ú lá den mhí dár gcionn. Léireofar sa ráiteas dliteanas cánach iomlán an fhostóra don mhí, bunaithe ar a dtíolacthaí párolla don mhí sin.
Féadfaidh an fostóir glacadh leis an ráiteas faoin 14ú den mhí dár gcionn agus is ansin éiríonn sé de bheith ina thuairisceán reachtúil míosúil don fhostóir. Mura nglacann an fostóir leis an ráiteas faoin 14ú, measfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar an lá sin, gurb é sin tuairisceán reachtúil míosúil an fhostóra.
Minítear sa rannán seo conas dliteanas cánach fostaí a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Tabharfaidh Modhanna le cáin a ríomh treoir don fhostóir maidir le conas an cháin ar phá fostaithe a ríomh.
Ar aghaidh: Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a Asbhaint