Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim
Measúnuithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Maidir le hoibleagáidí fostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach an Employer's Guide to PAYE.
Féadfaidh sé go seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim measúnú chuig fostóir de na suimeanna nach mór dóibh a íoc sna cásanna seo a leanas:
Más rud é go ndearna fostóir íocaíochtaí le fostaithe, ní mór don fhostóir tíolacadh párolla a thíolacadh do gach íocaíocht.
Má thíolaic an fostóir tíolacthaí párolla agus cineann na Coimisinéirí Ioncaim gur thuairiscigh an fostóir suim chánach atá ró-íseal, ní mór don fhostóir an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an t-iarmhéid amuigh ar an measúnú a íoc
- agus
- tíolacthaí párolla ceartaithe a thíolacadh.
Nuair a thíolacann an fostóir tíolacthaí párolla ceartaithe agus nuair a íocann siad an cháin, níl an measúnú dlite a thuilleadh.
Féadfaidh sé go ngearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús ar shuimeanna Cánach Ioncaim, ÁSPC agus MSU gan íoc. Is é 0.0274% in aghaidh an lae an ráta úis a ghearrtar. Gearrtar é seo ón dáta atá na híocaíochtaí dlite.
Teorainn ama le haghaidh measúnú ÍMAT
Is iondúil gur ceithre bliana an teorainn ama reachtúil chun measúnú Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) a ardú. Níl aon teorainn ama i gcásanna calaoise nó faillí.
Féadtar tuilleadh sonraí a fháil ar theorainneacha ama reachtúla chun measúnuithe ÍMAT a ardú in Tax and Duty Manual Part 42-04-72 (Guidelines on PAYE assessments).
Measúnú a achomharc
Is féidir le fostóir achomharc a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ó dháta an fhógra. Ní mór don fhostóir aon suim Cánach Ioncaim, ÁSPC, MSU agus Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh agus a íoc atá amuigh don tréimhse, sula dtíolacann siad a n-achomharc.
Ní mór an achomharc a sheoladh i scríbhinn chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.
Ar aghaidh: Níl aon cháin dlite le haghaidh míosa