Achomhairc

An Coimisiún um Achomhairc Chánach

Comhlacht atá go hiomlán neamhspleách ar na Coimisinéirí Ioncaim is ea an Coimisiún um Achomhairc Chánach. Déanann comhaltaí an Choimisiúin, ar a dtugtar Coimisinéirí Achomhairc, iarracht díospóidí idir na Coimisinéirí Ioncaim agus cáiníocóirí a réiteach.

Féadfaidh tú eolas a fháil ar an gCoimisiún, lena n-áirítear an chaoi le hachomharc a dhéanamh.

Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún ar 01-6624530 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@taxappealsireland.ie. An seoladh ná:

An Coimisiún um Achomhairc Chánach
2ú Urlár
Cúirt Mhic Liam
Clós Líosain
Baile Átha Cliath 2
D02 YW24.

Ar aghaidh: Céard a fhéadtar achomharc a dhéanamh ina aghaidh