Achomhairc

Léargas ginearálta

Féadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh fhormhór na measúnuithe cánach nó dleachta a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh fhormhór na gcinntí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuil tionchar díreach acu ort agus a n-easaontaíonn tú leo.

Féadtar achomharc díreach a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Tá an Coimisiún seo freagrach as diospóidí a réiteach idir na Coimisinéirí Ioncaim agus cáiníocóirí. Tá sé go hiomlán neamhspleách ar na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní chuireann achomharc chun an Choimisiún um Achomhairc Chánach cosc ort dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim agus tú ag súil le réiteach a fháil ar d'achomharc trí chomhaontú. Is amhlaidh a dhéantar formhór na n-achomharc a réiteach ar an gcaoi seo.  

Féadfaidh cur chuige eile a bheith agat, ag brath ar do ghearán. Má bhíonn tú míshásta leis an gcaoi ar láimsheáil na Coimisinéirí Ioncaim do chás, féadfaidh tú athbhreithniú dlíthiúil a iarraidh ar iompar na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh go ndéanfadh oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar an gcaoi ar láimhseáladh do chás nó go ndéanfadh athbhreithneoir seachtrach nach oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim iad an t-athbhreithniú. Féadfaidh tú freisin gearán a dhéanamh leis an Ombudsman

Ar aghaidh: An Coimisiún um Achomhairc Chánach