An chaoi le gearán a dhéanamh

Léargas ginearálta

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an nós imeachta um Ghearáin agus Athbhreithnithe a úsáid.  Féadfaidh tú freisin athbhreithniú a iarraidh maidir leis an gcaoi a ndéanaimid cás a láimhseáil.

Déanaimid iarracht teacht ar réiteach i dtaca le formhór na gceisteanna a thagann aníos idir custaiméir agus na Coimisinéirí Ioncaim:

  • in imeacht gnó
  • trí dhéileáil go díreach le hoifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus leis an maoirseoir a láimhseálann an cás araon.

Aithnímid, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeidh sé indéanta réiteach a fháil ar gach ceist ar an gcaoi seo. I gcúinsí den chineál seo, féadfaidh tú ár nósanna imeachta um Ghearáin agus Athbhreithniú a úsáid.

Féadfaidh tú sonraí a fháil faoi na céimeanna gearána éagsúla sa Nósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um Ghearáin agus Athbhreithniú.

Ar aghaidh: Athbhreithnitheoirí seachtracha