An chaoi le gearán a dhéanamh

Athbhreithnitheoirí seachtracha

Seo thíos sonraí na n-athbhreithnitheoirí seachtracha reatha:

  • Cuntasóir cairte is ea Richard Leonard atá ar scor le déanaí mar Chomhpháirtí le Grant Thornton. Tá taithí fhairsing gnó aige. Tá sé mar bhall den Choiste Infheistíochta de Chiste Infheistíochta Stráiteisí na hÉireann. Tá sé mar stiúrthóir ar roinnt cuideachtaí príobháideacha agus eagraíochtaí carthanúla freisin.
  • Céimí gnó agus cuntasóir is ea Michael Roche a bhfuil taithí fhairsing aige i bhfóntais fuinnimh. I measc na taithí bainistíochta sinsearaí atá aige, tá an t-airgeadas corparáideach, róil rialtóra airgeadais i roinnt gnólachtaí, sainchomhairleoireacht idirnáisiúnta, bainistíocht chistíochta, trádáil fuinnimh agus bainistíocht athraithe. Tá sé ag gníomhú mar shainchomhairleoir, faoi láthair, do chuideachtaí fuinnimh in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
  • Comhalta is ea Roger Blackburn d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte i Sasana agus sa Bhreatain Bheag agus tá sé ar cheann dá gcoistí rialála. Chuaigh sé ar scor le déanaí mar stiúrthóir agus mar chisteoir Eorpach ar mhórchomhlacht ilnáisiúnta. Tá taithí fhairsing aige ar an gcuntasóireacht, cánachas, pinsin maraon le saincheisteanna airgeadais agus cistíochta, agus roimhe seo bhí post sinsearach aige i gcomhlacht mór cuntasaíochta.

Tabhair do d’aire:

Sanntar athbhreithnitheoirí seachtracha do chás faoi rogha Rúnaíocht Athbhreithnithe na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Achoimre ar shamplaí d'athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha