Achomhairc

Cén chaoi le hachomharc a dhéanamh

Fógra um achomharc

Chun achomharc a dhéanamh, ní mór duit an fhoirm Fógra um Achomharc a sheoladh isteach chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Féadtar an fhoirm seo a aimsiú ar shuíomh idirlín an Choimisiúin. Ní mór freisin cóip den Fhógra Measúnachta nó cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim a sheoladh.

An t-am a cheadaítear achomharc a dhéanamh

Léireofar san Fhógra Measúnachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó sa litir chinnidh cé mhéad ama atá agat achomharc a dhéanamh. Go hiondúil ceadaítear 30 lá ó dháta an Fhógra Measúnachta nó an litir chinnidh.

Coinníollacha maidir le hachomharc bailí

Féadfaidh sé go mbeidh ort coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula nglacfaidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach le d’achomharc. Is iondúil go mbíonn ort foirm tuairisceáin chánach a thíolacadh chun na gCoimisinéirí Ioncaim, agus cibé suim chánach, más ann di, a íoc arna dearbhú agat ar an tuairisceán seo (do dhliteanas cánach féinmheasúnaithe). Má bhaineann d’achomharc le dleachtanna máil, áfach, beidh ort suim iomlán na dleachta faoi dhíospóid a íoc sula ndéanann tú achomharc.

Mura bhfuil na coinníollacha comhlíonta agat chun go nglacfaí le hachomharc bailí, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne glacadh le d’achomharc. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip d’fhógra den chineál seo chugat ionas go mbeidh tú ar an eolas faoi agóid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cé go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agóid a dhéanamh i gcoinne glacadh le d’achomharc, is ábhar don Choimisiún um Achomhairc Chánach é cinneadh a dhéanamh glacadh nó diultú do d’achomharc.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn nuair a ghlactar le hachomharc