Achomhairc

Céard a fhéadtar achomharc a dhéanamh ina aghaidh

Tá roinnt ábhair ann nach bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina gcoinne chun an Choimisiún um Achomhairc Chánach. Féadfaidh tú, áfach, achomharc a dhéanamh in aghaidh fhormhór na measúnuithe cánach nó dleachta a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar achomharc a dhéanamh freisin i gcoinne fhormhór na gcinntí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim ar cinntí iad a n-easaontaíonn tú leo.

I measc na samplaí de na cineálacha cinntí a bhféadtar achomharc a dhéanamh orthu tá:

  • diúltú creidmheasa, liúntais nó faoisimh cánach
  • diúltú éilimh ar aisíocaíocht chánach
  • luacháil sócmhainne chun críocha na Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
  • luacháil cairr iompórtáilte chun críocha na Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF)
  • cinneadh gur cónaitheoir chun críche cánach in Éirinn é nó í duine
  • cinneadh gan éileamh a cheadú chun costais áirithe a asbhaint
  • cinneadh faoi cé acu an bhfuil duine féinfhostaithe nó mar fhostaí chun críocha cánach
  • cinneadh ar an ráta Cánach Breisluacha (CBL) inmhuirir.

Go ginearálta, níl ach an duine a bhfuil tionchar díreach ag an measúnú nó cinneadh orthu in ann achomharc a dhéanamh.

Mínítear ar an bhFógra um Achomharc ó na Coimisinéirí Ioncaim agus litreacha cinnidh faoin gceart achomharc a dhéanamh agus faoin gcaoi ar chóir duit achomharc a dhéanamh.

Ar aghaidh: Céard nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh