Mál ginearálta

Achomhairc

Má easaontaíonn tú le cinntí áirithe a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim, féadtar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh go díreach leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach (TALC).

Leagtar amach sa rannán seo na nósanna um achomharc a chlúdaíonn achomhairc maidir le dleachtanna máil. Tá nósanna imeachta breise i gceist le hachomhairc Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF).

Chun go nglacfaidh an TAC le hachomhairc i gcás go mbaineann an t-achomharc le:

  • tuairisceán a dhéanamh
  • dleacht mháil a íoc

ní mór duit an tuairisceán cuí a thíolacadh agus an dleacht mháil faoi achomharc a íoc. 

Ar aghaidh: Reachtaíocht chuí