Achomhairc CCF
Léargas ginearálta
Is próiseas dhá chéim atá sa nós imeachta d’achomhairc i leith Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF).
Déanann oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an chéad chéim.
Mura n-aontaíonn tú leis an toradh, féadtar dul díreach go dtí an dara céim, go dtí an Coimisiún um Achomhairc Chánach.
Leagann na rannáin seo a leanas an próiseas amach go ginearálta.
Féadfar treoracha mionsonraithe a fháil ar achomhairc CCF sa treoirleabhar cánach agus dleachta CCF.
Ar aghaidh: An próiseas chun achomharc a dhéanamh