Achomhairc CCF
An próiseas chun achomharc a dhéanamh
Is próiseas dhá chéim atá sa nós imeachta d’achomhairc. Is éard atá i gceist sa chéad chéim ná scrúdú an athuair ar an ábhar ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nach raibh baint aige nó aici leis an gcinneadh bunaidh. Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh tar éis na céime seo, féadtar achomharc a thíolacadh go díreach leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.
Ní mór duit an CCF a íoc ar dtús sula bhféadtar achomharc a bhreithniú. Féadtar ansin achomharc a dhéanamh i leith an mhéid seo:
- an tsuim CCF a gearradh
- diúltú aisíocaíochta nó loghtha CCF
- diúltú díolúine ó CCF a dheonú
- agus
- roinnt ceisteanna CCF eile.
Tabhair do d'aire nach bhféadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh ábhair riaracháin amhail táillí próiseála.
I gcásanna luachála, tá dhá mhí agat tar éis dháta cláraithe na feithicle chun achomharc a dhéanamh.
I ngach cás eile, tá dhá mhí agat tar éis dháta an chinnidh thosaigh. I gcásanna eisceachtúla áirithe agus faoi dhiscréid na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh sé go nglacfar le hachomhairc tar éis don dá mhí dul in éag.
Roimh achomharc a chur isteach, déan cinnte de go bhfuil an cinneadh tosaigh tar éis na fíricí go léir a bhaineann le do chás a chur san áireamh. Nuair a chreideann tú go bhfuil gach rud gur féidir leat a fháil amach faighte amach agat, fút féin atá sé achomharc a dhéanamh.
Ar aghaidh: Próiseas achomhairc CCF