Mál ginearálta

Gnó máil a chur ar bun

Dleacht íoctha

Tá riachtanais shonracha i bhfeidhm nuair a dhéanann tú gnó astáirgí máil ar fionraí dleachta a fháil i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh (AE) agus i dTuaisceart Éireann.  Tá tuilleadh eolas ar fáil in Movement of Excisable Products Manual agus sa rannán treoir bhreise ar an leathanach seo.

Dleacht ar fionraí

Má tá sé i gceist agat gnó i táirgí máil ar fionraí dleachta a reáchtáil, teastaíonn údarú ó na Coimisinéirí Ioncaim uait mar choimeádaí trádstórais cánach. Tá tuilleadh eolais ar fáil san fhógra poiblí Public Notice 1890 agus sa rannán Treoir bhreise ar an leathanach seo. Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim an t-áitreabh a cheadú ónar mian leat na hearraí máil ar fionraí dleachta a thrádáil. Léigh tuilleadh faoi cheadú áitribh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Údarú mar choinsíneoir cláraithe

Údaraíonn na Coimisinéirí Ioncaim coinsíneoir cláraithe chun táirgí máil ar fionraí dleachta a sheoladh, a iomportáiltear iad ó lasmuigh den AE agus ó lasmuigh de Thuaisceart Éireann, ón áit iompórtála tar éis iad a bheith scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta san AE agus i dTuaisceart Éireann.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa treoirleabhar  Movement of Excisable Products Manual.

Údarú mar choinsíní cláraithe

Féadann coinsíní cláraithe táirgí máil ar fionraí dleachta a fháil ó Bhallstát eile a fháil ó Bhallstát eile den AE agus ó Thuaisceart Éireann le linn ghnáthchúrsa an ghnó.Mura bhfuil tú údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim mar choimeádaí tradstórais cánach agus má tá sé i gceist agat coinsíneachtaí táirgí máil ar fionraí dleachta a fháil, ní mór duit údarú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim mar choinsíní cláraithe. 

Mar choinsíní cláraithe, tá sé riachtannach go dtugann tú cuntas ar na dleachtanna máil le d’oifig áitiúl de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim  sula ndéantar na táirgí máil a sheoladh chugat.  Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad  Movement of Excisable Products Manual.

Ceadúnú

Ní mór ceadúnas a bheith agat más mian leat trádáil a dhéanamh ar tháirgí máil áirithe dleacht-íoctha nó ar fionraí dleachta. Tá tuilleadh treoracha ar fáil sa rannán ar Cheadúnú máil.

Ceisteanna Ginearálta faoi na Coimisinéirí Ioncaim

Tá tuilleadh treorach maidir le d’oibleagáidí cánach féideartha eile ar fáil in Gnóthas a thosú agus a rith.

Ar aghaidh: Táirgí máil a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil