Mál ginearálta

Táirgí inmháil a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil

Ní mór duit táirgí inmháil ar fionraí dleachta a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil nó a stóráil i dtrádstóras cánach ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Iarrann na Coimisinéirí Ioncaim nach mór duit banna a chur ar bun le hinstitiúid airgeadais mar urrús más rud é go dtugann tú faoi ghníomhaíochtaí den chineál sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil in Administration and Control of Tax Warehouses Manual: Part 1 General Warehousing Provisions agus in Tobacco Products Tax Manual.

Ar aghaidh: Táirgí máil a bhogadh