Mál ginearálta

Ró-íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí

I gcásanna áirithe ina ndéanann tú dleachtanna máil a ró-íoc, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal aisíocaíochta.

Ní mór duit achoimre a thabhairt i scríbhinn ar na cúinsí a bhfuil sé de thoradh orthu gur tharla ró-íocaíocht. Ba chóir go mbeadh fianaise chuí mar thaca le d’éileamh.

Chun éileamh a dhéanamh, tabhair d’ainm, seoladh agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó Uimhir Tagartha Cánach do d'oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ag brath ar na cúinsí inar tharla an ró-íocaíocht, beidh an cineál fianaise seo a leanas ag teastáil ó d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun d’éileamh a mheas. Is gnách an méid seo a leanas a bheith san áireamh san fhianaise a chuireann tú ar fáil:

  • cur síos iomlán ar na táirgí
  • an chainníocht de gach cineál táirge dá dtagraíonn an t-éileamh
  • an tsuim dleachta máil a íoctar ar na táirgí, más eol é
  • an dáta, más eol é, ar ar íocadh an dleacht mháil
  • agus
  • cuntas scéil ar na cúinsí, i do thuairim féin, ba chúis leis an ró-íocaíocht a bhfuil tú ag éileamh aisíocaíochta ina leith.

Ar aghaidh: Achomhairc