Mál ginearálta

Dleachtanna máil a íoc

Tagann Dleacht Mháil chun bheith dlite nuair a scaoiltear táirgí inmháil lena gcaitheamh in Éirinn. Tarlaíonn sé seo:

  • nuair a fhágann na táirgí inmháil trádstóras cánach ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • nuair a thugtar isteach ó thír eile iad, ach amháin nuair a chuirtear láithreach é faoi shocrú fionraí.

Baineann socruithe íocaíochtaí ar leithligh le Dleacht Ghealltóireachta agus dleachtanna máil ar cheadúnais.

Iarchur

Féadfaidh sé go gceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim duit an íocaíocht Dleachta Máil dhlite a iarchur, faoi réir coinníollacha áirithe. Féach an treoirleabhar EEDS Trader Guide agus an rannán ar Mhodhanna íocaíochta le haghaidh tuilleadh eolais.

Spriocdhátaí cun dleachtanna máil a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh

Tá spriocdhátaí ar leith ann do gach Dleacht Mháil shonrach chun Dleachtanna Máil a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh. Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi Dhleachtanna Máil aonair sa rannán ábhair ghaolmhara.

Má bhíonn tú déanach ag íoc do dhleachta máil, beidh ús dlite le haghaidh gach lá, nó cuid de lá, ag ráta 0.0274%. Féadtar tuilleadh a léamh faoi seo ar an leathanach Deacrachtaí íoca cánach.

Ar aghaidh: Ró-íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí

Deacrachtaí íoca cánach