Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Fostóirí a bhfuil uimhreacha cláraithe iomadúla acu

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Maidir le hoibleagáidí fostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach ar an  Employers Guide to PAYE.

Má tá roinnt uimhreacha cláraithe éagsúla ag fostóir, ní mór don fhostóir tíolacthaí párolla a thíolacadh ar leithligh le haghaidh gach uimhir chláraithe. Beidh tuairisceáin reachtúla mhíosúla ag gach uimhir chláraithe.

Ní mór don fhostóir an tsuim dhlite cánach a íoc ar leithligh le haghaidh gach uimhir chláraithe:

Más mian le fostóirí an Cháin Ioncaim, ÁSPC agus MSU iomlán a íoc faoi uimhir chlárúcháin amháin, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi níos mó ná aon uimhir chláraithe a úsáid, féach ar Clárú fostóirí chun críocha ÍMAT.