Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Cáin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019 a fháil, féach ar an Employers Guide to PAYE.

Is é Rannóg an Ard-Bhailitheora sna Coimisinéirí Ioncaim a bhailíonn na cánacha uile a asbhaineann fostóirí. Ní mór d'fhostóirí na dliteanais chánach seo a leanas a íoc gach mí:

Íocaíochtaí míosúla

Cruthóidh na Coimisinéirí Ioncaim ráiteas míosúil a bheidh ar fáil don fhostóir faoin 5ú lá den mhí ina dhiaidh. Léireofar ar an ráiteas seo dliteanas cánach iomlán an fhostóra don mhí tagartha bunaithe ar a dtíolacthaí párolla le linn na míosa sin.

Féadfaidh an fostóir glacadh leis an ráiteas faoin 14ú den mhí ina dhiaidh agus is ansin a éiríonn sé de bheith ina thuairisceán reachtúil míosúil don fhostóir. Mura nglacann an fhostóir leis an ráiteas faoin 14ú, measfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar an lá sin, gurb é sin tuairisceán reachtúil míosúil an fhostóra.

Ní mór don fhostóir an dliteanas iomlán a íoc taobh istigh de:

Íocaíochtaí ráithiúla

Más ionann iomlán na n-íocaíochtaí Cánach Ioncaim, ÁSPC agus MSU an fhostóra don bhliain agus €28,800 nó níos lú, féadtar iarratas a dhéanamh chun na híocaíochtaí a dhéanamh go ráithiúil.

Má cháilíonn an fostóir, ba cheart dó iarratas a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora don rogha seo. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór don fhostóir a bheith cláraithe mar fhostóir le 12 mhí ar a laghad agus a chuid tuairisceáin agus íocaíochtaí uile a bheith tíolactha aige.

Má dhéannn an fostóir íocaíochtaí go ráithiúil:

  • ní mór tíolacadh párolla a thíolacadh gach uair a íoctar a gcuid fostaithe
  • agus
  • féadtar glacadh leis an ráiteas a eisíonn na Coimisinéirí gach mí, a éiríonn ansin de bheith ina thuairisceán reachtúil míosúil.

Sceideal íocaíochtaí ráithiúla

Ráithe chánach

Dátaí dlite tuairisceáin

Dáta dlite íocaíochta

Dáta sínte le haghaidh
íocaíochtaí le ROS

Eanáir - Márta

14 Feabhra

14 Márta

14 Aibreán

14 Aibreán

23 Aibreán

Aibreán - Meitheamh

14 Bealtaine

14 Meitheamh

14 Iúil

14 Iúil

23 Iúil

Iúil - Meán Fómhair

14 Lúnasa

14 Meán Fómhair

14 Deireadh Fómhair

14 Deireadh Fómhair

23 Deireadh Fómhair

Deireadh Fómhair - Nollaig

14 Samhain

14 Nollaig

14 Eanáir

14 Eanáir

23 Eanáir

Modhanna íocaíochta

Is féidir le fostóir ROSmoChúrsaí a úsáid chun a ndliteanas cánach a íoc ar líne.

Má íocann an fostóir a ndliteanas cánach tar éis an dáta dlite, gearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús ar an bhfostóir ón 14ú den mhí.

Is é an ráta úis ná 0.0274% le haghaidh gach lá atá an íocaíocht déanach.

Ar aghaidh: Cáin a íoc ar mhionsochair agus sochair neamhrialta de chuid fostaí