Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Maidir le hoibleagáidí fostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach an  Employers Guide to PAYE.

Is éard atá in ÁSPC ná íocaíocht a dhéanann fostóirí agus a bhfhostaithe. Bunaítear an íocaíocht sin ar mhéid phá an fhostaí. Is é ÁSPC an príomhfhoinse de mhaoiniú um íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Tugtar ranníocaíocht ÁSPC ar an méid iomlán a íocann fostaí le linn aon tréimhse pá amháin. Tá sé déanta suas de:

  • sciar an fhostóra - is é sin ná an méid ÁSPC a íocann an fostóir ar phá an fhostaí
  • sciar an fhostaí - is é sin ná an méid ÁSPC a íocann fostaí ar a bpá féin.

Tá aicme ranníocaíocht ÁSPC ann do gach fostaí. Cinneann an aicme seo an ráta a chaithfidh an fostóir a úsáid chun an asbhaint ÁSPC a ríomh.

Cuireann an An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí ar fáil faoi gach aicme ÁSPC, agus faoi na rátaí ranníocaíochta ÁSPC.

Taifid de ranníocaíochtaí ÁSPC

Gach uair a íocann fostóir a bhfostaí ní mór dóibh taifead a choimeád de na sonraí ÁSPC go léir, agus an méid seo a leanas san áireamh:

  • ollphá an fhostaí chun críocha ÁSPC
  • ranníocaíocht ÁSPC an fhostaí do gach tréimhse pá
  • ranníocaíocht ÁSPC an fhostóra do gach tréimhse pá
  • aicme ÁSPC gach fostaí
  • líon na seachtainí ar íocadh ranníocaíochtaí ÁSPC le haghaidh gach fostaí.

Má athraíonn aon fhostaí go haicme ÁSPC eile i rith na bliana, ní mór don fhostóir an méid seo a leanas a chuimsiú ina gcuid taifead freisin:

  • aicme ÁSPC nua an fhostaí
  • líon na seachtainí ar íocadh ranníocaíochtaí ÁSPC don fhostaí ina n-aicme nua.

Ní mór don fhostóir a chinntiú go bhfuil sonraí ÁSPC an fhostaí ar gach tíolacadh párolla cruinn. D’fhéadfadh drochthionchar a bheith ag earráidí sa tíolacadh párolla ar theidlíocht an fhostaí i leith sochair ón RCS . Ba chóir cúram a ghlacadh chun a chinntiú go dtuairiscíonn an fostóir an aicme ÁSPC agus líon na seachtainí ceart.

Ba chóir go léireodh an tíolacadh párolla líon na seachtainí a d’oibrigh fostaí don tréimhse a íoctar é nó í. Má íoctar an fostaí go seachtainiúil, ba chóir ranníocaíocht seachtaine amháin a bheith san áireamh sa tíolacadh párolla. Má íoctar an fostaí gach coicís, ba chóir go mbeadh ranníocaíochtaí coisíse san áireamh sa tíolacadh párolla. Níor cheart líon carnach seachtainí a chuimsiú.

Ní mór earráidí sa tíolacadh párolla a cheartú chomh luath agus a bhíonn an fostóir ar an eolas fúthu. Léirítear an nós imeachta chun gach mír i dtíolacadh párolla a cheartú, lena n-áirítear earráidí i ranníocaíochtaí ÁSPC, sna Line Item Correction Rules.

Ranníocaíochtaí  ÁSPC a lámhseáil ar leithligh

Íocann Rannóg an Ard-Bhailitheora gach asbhaint ÁSPC leis an RCS. Dá bhrí sin, ní mór do fhostóirí a n-íocaíochtaí Cánach Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a thaifeadadh ar leithligh óna ranníocaíochtaí ÁSPC ina leabhair agus ina gcuntais. 

Ar aghaidh: Measúnuithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim