Do thaifid a choinneáil roimh 01 Eanáir 2019

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais roimh 01 Eanáir 2019. Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar  Dualgais fostóra ó 01 Eanáir 2019.

Is gá d’asbhaintí  Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT), Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC), Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) agus Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ) a thaifeadadh. Féadtar aon cheann díobh seo a úsáid:

  • córas ríomhairithe
  • córas taifead arna dhearadh agat féin
  • seirbhísí cuideachta párolla
  • Cárta Leictreonach Asbhaintí Cánach
  • cárta párolla MSU
  • cárta párolla CMÁ.

Is tusa atá freagrach as cinntiú go bhfuil an dlí cánach á chomhlíonadh ina iomláine ag an gcóras atá in úsáid, is cuma cé acu ceann díobh seo atá tú ag úsáid:

  • bogearraí párolla
  • comhlacht párolla
  • gníomhaireacht eile. 

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do thaifid a sheiceáil aon uair lena chinntiú go bhfuil na méideanna ceart á asbhaint agat. Féach ar Cód Cleachtais um Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh eolais a fháil.

Ní mór duit na taifid ar fad a choinneáil ar feadh sé bliana tar éis na bliana cánach dá dtagraíonn siad. Ní mór duit, chomh maith, iad a chur ar fáil lena scrúdú nuair a iarrtar iad.

Earráidí a tháinig chun solais i rith na bliana

Féadfaidh sé gur thug tú faoi deara i gcaitheamh na bliana go ndearna tú botún i mbabhta párolla roimhe. Ní mór é seo a cheartú sa tseachtain nó sa mhí inar thángthas ar an mbotún. Ní mór gan na hiontrálacha bunaidh a athrú. Ba chóir duit nóta a chur leo sin chun a thabhairt le fios go bhfuil an botún ceartaithe sa tseachtain (nó sa mhí) ina dhiaidh sin.

Gann-asbhaintí móra

Ní cóir duit gann-asbhaint cánach nó MSU a bhailiú sa chás go gcothóidh sé  ccruatan don fhostaí. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn chun treoracha a fháil.

Ar aghaidh: Deimhnithe Creidmheasanna Cánach (Deimhnithe P2C)