Do ghnó féin a shocrú suas

Taifid a choinneáil

Má tá tú i mbun gnóthas a rith, ní mór certain records a choinneáil chun críocha cánach. Féadtar do thaifid a úsáid chun eolas atá i do thuairisceáin cánach a dhearbhú agus ba chóir go dtaispeánfaidh siad go soiléir an próiseas cuntasaíochta. 

Má ullmhaíonn gníomhaire nó cuntasóir do chuntais, féadfaidh siad do thaifid a choinneáil ar do shon. Is tusa ar deireadh thiar thall, áfach, atá freagrach as do thaifid a choinneáil. Má tá tú i gcomhpháirtíocht, tá an comhpháirtí fasach freagrach as taifid a choinneáil. Ni mór duit bunchóip de na cáipéisí seo a choinneáil ar feadh sé bliana. 

Cé na cineálacha taifid a choinnítear?

Ní mór duit aon rud a choinneáil a úsáidtear chun do Cháin IoncaimCáin Chorparáide (CC) nó Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) a ríomh. Tugtar ‘doiciméid nascacha’ ar na taifid seo agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:

  • admhálacha le haghaidh costas
  • admhálacha le haghaidh ceannachán
  • sonraisc
  • mórleabhair ainmniúla
  • agus
  • leabhair chuntasaíochta. 

Ba chóir duit do thaifid a choinneáil go leanúnach le haghaidh gach idirbhirt. Féadtar cóip dhigiteach de d’admhálacha a choinneáil ar an Rianaire Admhálacha ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ar aghaidh: Áitreabh gnó a cheannach nó a thógáil ar léas