Do ghnó féin a shocrú suas

Daoine a fhostú

Mar fhostóir, ní mór duit Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSÚ) a asbhaint ó phá comhlán d’fhostaithe. Iarrtar ar fhostóirí pá agus asbhaintí a bhfostaithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a íocann siad an pá leis na fostaithe, nó roimhe sin. 

Ní mór do gach fostaí nua clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun go ndéanfar an méid ceart cánach agus MSU a asbhaint óna dtuarastal. Tá d’fhostaí freagrach as clárú le haghaidh cánach. 

Ní mór fostaíocht d'fhostaí nua a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim, sa chás nach é seo an chéad fhostaíocht de chuid an fhostaí sa Stát.

Féadtar breis eolais a fháil sa rannán Daoine a fhostú

Ar aghaidh: Íoc agus ríomhthíolacadh éigeantach