Asbhaint a éileamh le haghaidh costais

Agus an brabús do do ghnóthas á ríomh, féadtar asbhaint a éileamh i leith costais a tabhaíodh. Déantar costais a éileamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ar Fhoirm 11 nó ar Fhoirm CT1.

Cé na costais a fhéadtar a éileamh?

Is iad na costais a fhéadtar éileamh a dhéanamh ina leith ná iad sin a bhaineann go díreach le do ghnóthas a rith ar nós:

  • earraí a cheannach le hathdhíol
  • pá fhostaithe
  • cíos agus billí le haghaidh d’áitribh ghnó
  • costais reatha le haghaidh feithiclí nó meaisíní a úsáidtear sa ghnóthas
  • íocaíochtaí léasa le haghaidh feithiclí nó meaisíní a úsáideann tú i do ghnóthas
  • táillí cuntasaíochta
  • íocaíochtaí úis le haghaidh airgid a fuarthas ar iasacht chun do ghnóthas a mhaoiniú.

Féadtar éileamh a dhéanamh i leith costais a bhí agat sular thosaigh an gnóthas ag trádáil, amhail costais a bhaineann le pleananna gnó a ullmhú. Féach an lámhleabhar Relief for pre-trading expenses manual le haghaidh tuilleadh eolais.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL), ní mór nach mbeadh an méid CBL san áireamh sa mhéid a éilíonn tú i leith do chostais.

Cé na costais nach bhféadtar a éileamh?

Ní fhéadtar costais a éileamh i leith aon earra nach bhaineann go hiomlán le do ghnólacht a rith ar nós:

  • éadaí (seachas éadaí cosanta)
  • do phá féin
  • costais siamsaíochta don ghnóthas
  • do chuid bia nó costais taistil féin (seachas iad siúd atá leagtha amach sna lámhleabhair Food and Accommodation Expenses agus Travel Expenses).

Ní fhéadtar asbhaint a éileamh le haghaidh caiteachas caipitiúil nuair atá do bhrabús á ríomh. Is éard is caiteachas caipitiúil ann ná airgead a chaitear ar thalamh, maoin nó trealamh a cheannach nó a chothabháil le haghaidh do ghnóthais. Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann liúntais chaipitil a éileamh ar chuid den chaiteachas seo.

Caiteachas a bhaineann le húsáid ghnó agus le húsáid phríobháideach araon

Má chaitear airgead ar rud a bhaineann le húsáid ghnó agus le húsáid phríobháideach, féadtar asbhaint a éileamh le haghaidh cuid den chostas. Folaíonn sé seo míreanna amhail billí fóin, costais mótarfheithicle agus cíos. Ní mór duit oibriú amach cé mhéid den chaiteachas a bhain le húsáid an ghnóthais amach agus asbhaint a éileamh i leith an mhéid sin amháin.