Cáin Chorparáide

Liúntais chaipitiúla agus asbhaintí

Féadfaidh cuideachta costais agus caiteachas áirithe a éileamh in aghaidh a cuid brabús chun laghdú a dhéanamh ar an méid cánach a íocann sé. Ní áirítear costais siamsaíochta gnó ná míreanna caiteachais chaipitil sna costais seo. Is airgead é caiteachas caipitiúil a chaitheann cuideachta ar thalamh, foirgnimh nó fearas.

Liúntais chaipitiúla

Féadfaidh comhlacht liúntais chaipitiúla a éileamh ar caiteachas caipitiúil a thabhaíonn sé ar chineálacha áirithe sócmhainní gnó agus áitribh gnó.

Is iondúil go ndéantar liúntais chaipitiúla a ríomh ar ghlanchostas na sócmhainne gnó nó an áitribh. Tá rátaí éagsúla ar fáil, ag brath ar chineál na sócmhainne. Féadfaidh comhlacht liúntais chaipitiúla a éileamh i leith an mhéid seo:

Féadfaidh comhlacht liúntais chaipitiúla a éileamh ar ráta:

  • 12.5% thar ocht mbliana le haghaidh gléasra agus innealra
  • agus
  • 4% thar 25 bliain i gcás formhór foirgneamh tionsclaíochta.

Féadann an comhlacht Liúntas Caipitiúil Luathaithe (LCL) de 100% a éileamh ar an méid seo a leanas:

Féadtar an LCL a éileamh sa chéad bliain a úsáidtear an tsócmhainn sa ghnó.

Féadfaidh an comhlacht liúntais chaipitiúla a éileamh ag ráta 15% thar 7 mbliana ar costas foirgneamh úsáidte mar naíolann nó ionad aclaíochta ag a fhostaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar liúntais chaipitúla, féach ar Tax and Duty Manuals in Part 9.

Caiteachas réamhthrádála

Féadfaidh comhlacht costais áirithe a thabhú sa thréimhse trí bliana sula dtéann siad i mbun trádála. Féadfaidh comhlacht na costais seo a áireamh mar asbhaint agus brabús á ríomh.

Ús agus íocaíochtaí eile bliantúla

Féadfaidh an comhlacht íocaíochtaí úis, ríchíosanna agus íocaíochtaí eile a asbhaint nuair atá an tsuim Cánach Corparáide dhlite á ríomh. Ní mór cáin iarchoimeádta ar íocaíochtaí ríchíosanna paitinne a asbhaint agus a chur san áireamh sa ríomh Cánach Corparáide. Ní bhaineann sé seo leis an méid seo a leanas:

Tabhartais

Féadfaidh cuideachta tabhartas carthanúil a dhéanamh le carthanas nó eagraíocht faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim. Má dhéanann, féadfaidh sé go bhfuil sí in ann an méid CC dlite a laghdú. An t-íosmhéid aonair do thabhartas ná €250 sa bhliain.

Ar aghaidh: Díbhinní